Drámaíocht na Gaeilge sa Seomra Ranga Bunscoile: Modh Ealaíne nó Modheolaíocht?

Author: Claire M. Dunne (Institiúid Oideachais Marino)

Is féidir smaoineamh ar dhrámaíocht na Gaeilge ar dhá bhealach éagsúla. Ar an gcéad dul síos is cinéal litríochta mionteanga í a tháinig amach le linn na hAthbheochana Náisiúnta agus Cultúrtha in Éirinn ón mbliain 1880, tionscadal a raibh sé d’aidhm aige mórtas náisiúnta a chothú i measc daoine as a dteanga agus as a gcultúr dúchasach.[1] Tháinig drámaíocht na Gaeilge, do dhaoine fásta agus don óige, ar an bhfód i ndiaidh blianta d’iarrachtaí an Stáit, Stát a bhí faoi rialú na Breataine, an Ghaeilge a chur faoi chois, go háirithe sa chóras oideachais. Chomh maith leis sin, d’fhás drámaíocht na Gaeilge i dtréimhse nuair a bhí meath suntasach tar éis teacht ar líon na gcainteoirí dúchais toisc an méid daoine a cailleadh sa Ghorta Mór agus an líon daoine a d’imigh ar imirce ó na réigiúin ina labhraítear an Ghaeilge mar mháthairtheanga: na Gaeltachtaí. Bhí gaol idir scríbhneoirí agus athbheochanóirí Gaeilge, agus is iadsan is mó a chuir drámaí, scéalta, agus amhráin ar fáil don phobal, an t-aos óg san áireamh. Modh ealaíne speisialta a bhí ann chun spéis an phobail a mhúscailt in ealaíona Gaelacha. Ar an lámh eile, ba mhodheolaíocht riamh í an drámaíocht agus baineadh an-úsáid aisti chun Gaeilge a mhúineadh do dhaoine agus chun labhairt na Gaeilge a chothú ó cuireadh tús le hAthbheochan na Gaeilge.[2] An féidir le drámaíocht Ghaeilge na n-óg fós an dá thrá a fhreastal mar sin agus teacht faoi bhláth mar mhodh ealaíne agus mar mhodheolaíocht?

Toisc gurb í an bhunscoil an fóram is mó ina bhfuil nochtadh rialta ag páistí óga ar dhrámaíocht na n-óg, ní mór an taithí a bhíonn ag páistí ar an gcineál seo litríochta a chomhthéacsú sa seomra ranga. Is gá a aithint freisin go bhfuil feidhm speisialta ag bunscoileanna na hÉireann i gcur chun cinn na Gaeilge óir cuireadh an fhreagracht is mó ar an gcóras oideachais sa tionscadal athneartaithe ó bhunú an tSaorstáit sa bhliain 1922.[3] Os cionn seachtó bliain níos deireanaí, cuireadh an drámaíocht mar ábhar éigeantach ar an gcuraclam bunscoile leis na 11 nó 12 ábhar eile a mbíonn taithí rialta ag páistí óga orthu le linn na seachtaine scoile. Fágann sé sin go bhfuil drámaíocht na Gaeilge á múineadh i gcomhthéacs faoi leith—múinteoirí bunscoile seachas drámadóirí agus scríbhneoirí á múineadh, agus foghlaimeoirí Gaeilge i measc na bpáistí agus na múinteoirí den chuid is mó. Ní mór féachaint ar na difríochtaí caolchúiseacha atá ag teacht ar an modh ealaíne seo toisc an ceangal le hoideachas drámaíochta seachas é a bheith ceangailte le tionscadal náisiúnta níos leithne chun bród a chothú as litríocht na Gaeilge, agus an úsáid a bhaintear aisti mar mhodheolaíocht do chainteoirí teanga bhreise.

Díreoidh an páipéar seo ar dhrámaí foilsithe don óige a mbainfear úsáid astu sa seomra ranga, ag díriú go háirithe ar dhá thréimhse ionadaíocha i gcur chun cinn dhrámaíocht Ghaeilge na n-óg, agus an t-athrú béime sa dá cheann acu: 1) Tús an chéid seo caite, nuair a baineadh úsáid aisti i gcomhthéacs scoile, agus nuair a rinneadh iarracht an drámaíocht a chothú mar chaitheamh aimsire sa phobal, agus 2) An dara leath den chéad seo caite, go háirithe na forbairtí a tharla i modhanna múinte na drámaíochta agus an drámaíocht á hainmniú mar ábhar scoile. Trí bhreathnú ar an turas sna tréimhsí sin, iniúchfaidh an páipéar seo an teannas atá ann idir sláine na drámaíochta mar mhodh ealaíne inti féin, agus an drámaíocht a úsáid mar mhodeolaíocht.

 

An Drámaíocht agus an Ghaeilge: Tús na Fichiú hAoise

Go stairiúil, seasann saothair Phádraig Mhic Phiarais agus Shinéad de Valera amach ó thaobh chur chun cinn dhrámaíocht na n-óg agus mhúnlú mheon Gaelach an pháiste tríd an drámaíocht de. Bhain Mac Piarais ag tús an chéid seo caite an-úsáid as cúrsaí drámaíochta i Scoil Éanna, an scoil a bhunaigh Mac Piarais agus ina raibh sé ag múineadh, chun luachanna cultúrtha agus polaitiúla a chur ar shúile na bpáistí mar gheall ar a “belief in the power of theatre to inform and transform.”[4] Sa chás cáiliúil nuair a d’fhéach daltaí Scoil Éanna ar dhráma McDonagh When the Dawn is Come, d’fhill siad abhaile “yearning for rifles.”[5] Cé nach mbeadh aon duine sa lá atá inniu ann ag súil leis an bhfreagairt seo ó pháistí bunscoile, léiríonn sé an t-ábhar téagartha sna drámaí a chonaic páistí.

D’fhreastail an pobal freisin ar dhrámaí Scoil Éanna[6] a bhuí leis an bhfógraíocht mhaith a rinneadh orthu, agus an tacaíocht a fuair siad sna meáin, mar shampla litir láidir Seán O’Casey chuig an Irish Worker sa bhliain 1913: “Any Gael who refuses to help, or neglects to help the efforts being made to strengthen and extend the influence of St. Enda’s College, let him be anathema!”[7] Mar a mhíníonn Máire Nic Shiúbhlaigh chomh maith, bhí cúrsaí drámaíochta i mbéal an phobail ag an taca seo agus scata mór daoine ag triall go rialta ar dhrámaí nua is cuma má bhí siad “unsophisticated, propagandistic or wordy.”[8] Cosúil le cur chuige Shinéad de Valera níos deireanaí, thug an Piarsach óráidí go minic roimh léiriú aon dráma. Tríd an mbolscaireacht seo, thug sé comhthéacsú don dráma agus d’oibrigh sé sin mar bhealach chun daoine a ghríosú ionannú leis an ábhar. Ba mhodh ealaíne sofaisticiúil na drámaí a chuir sé ar siúl agus faightear léargas ar chur chuige turgnamhach maidir le suíomhanna, go háirithe drámaí a chur ar siúl lasmuigh.[9] Fearacht na gcur chuige drámatúil a bhí ann, iarradh ar an nglúin nua na hidéil a shlogadh gan an deis a thapú machnamh a dhéanamh ar leibhéal níos doimhne ar an teannas cultúrtha, síceolaíoch agus mothúchánach a bhain leis an an tionscnamh athneartaithe. Ba dhearmad é ag an am chomh maith, dar liom, nár cothaíodh cur chuige a d’éileodh rannpháirtíocht níos mó ón lucht féachana.

Tháinig drámaí na hóige faoi bhláth sna tríochaidí, tar éis Chogadh na Saoirse agus nuair a thug an tAire Oideachais Tomás Ó Deirg an-tacaíocht do chur cinn na Gaeilge. Mhol sé go mór úsáid na n-amhrán, na bpaidreacha agus na seanfhocal ar scoil chun an t-anam Gaelach a chur chun cinn. Ba é fócas an Chomhluchta Oideachais ón tús, fiú, drámaí a chur ar fáil don óige.[10] Ba chuid lárnach d’iarrachtaí Shinéad de Valera an Ghaeilge a athneartú na drámaí a réitigh sí don óige.[11] Rinne de Valera iarracht chomh maith luachanna cultúrtha agus náisiúnaíocha a chur chun cinn trí mhodh na drámaíochta go háirithe sa Ghaelú a chuir sí i bhfeidhm ar go leor síscéalta. Feicimid é seo sna seamróga ar a dtagann Cochaillín Dearg a labhraíonn léi faoin tírghrá.[12] Mar aon leis an drámaíocht, baineadh úsáid as an gceol chun mórtas a chothú, agus bhí neart véarsaí le canadh ag páistí i ndrámaí de Valera.[13] B’ardán é freisin do de Valera maidir le bolscaireacht pholaitiúil a dhéanamh d’Éirinn Saor. Deirtear gur tugadh óráidí ag an idirlinn faoin gcúis náisiúnta agus faoin treascairt pholaitiúil.[14] Tá guth na bpáistí fágtha ar lár minic go leor sna cinnidh a rinneadh an tír a ath-Ghaelú. Dá bharr, bíonn údair mar Mhicheál Mac Liammóir ag spocadh as an taithí a bhí aige agus ag a phiaraí glacadh le féiniúlacht níos Gaelaí gan labhairt leo ná gan a dtuairimí faoin gcinneadh seo a fháil,[15] nós a léiríonn arís nach raibh mórán de dheis ag an aos óg sa tréimhse seo ach an oiread machnamh a dhéanamh ar ábhar na ndrámaí ná ar inspreagadh na gcarachtar.

Ní mór an treocht seo a mheas, áfach, sa chomhthéacs stairiúil inar mhair an drámaíocht. Admhaíonn Ní Mhuircheartaigh agus Mac Congáil go raibh “anáil láidir an náisiúnachais chultúrtha” le brath ar dhrámaí thús an chéid, rud a bhí soiléir i gcás drámaí don óige freisin. Is féidir a fheiceáil go raibh go leor téamaí coitianta idir na drámaí a scríobhadh do dhaoine fásta agus na cinn a scríobhadh do pháistí, ina measc cúrsaí staire, creidimh, teanga, imirce agus óil.[16] B’áis theagascach a bhí sna drámaí luachanna faoi leith a chur chun cinn, agus modheolaíocht freisin “a chabhródh le Gaeilge labhartha a mhúineadh don lucht féachana agus do na haisteoirí”[17] agus mar a bheifí ag súil leis, bhain an léirmheastóireacht ar na drámaí céanna leis an gcaighdeán Gaeilge iontu seachas breithiúnas orthu mar shaothair liteartha.[18] Cé gur bhain aidhm oideachasúil leis na drámaí, feicimid ó ábhar na ndrámaí a bhí in úsáid ag an bPiarsach agus de Valera go raibh caighdeán níos airde Gaeilge ag na páistí a chleacht iad i gcomparáid le páistí an lae inniu.[19]

 

An Drámaíocht mar Chaitheamh Aimsire

Bunaíodh An Cumann Scoildrámaíochta sa bhliain 1934 agus bhí an dream seo thar a bheith gníomhach i gcruthú rialta drámaí don aos óg. Trí chomhoibriú le múinteoirí ó na scoileanna Gaelacha ach go háirithe, agus le daoine eile a léirigh spéis i bhFeis Átha Cliath[20] d’éirigh leo meitheal de dhrámadóirí agus lucht tacaíochta a chur ar fáil. Is díol suntais freisin go raibh an cumann seo faoi phátrúnacht an Aire Oideachais ag an tús agus chabhraigh an tacaíocht seo ar leibhéal institiúideach le cur chun cinn na drámaíochta. Scríobh de Valera roinnt drámaí le linn an ré órga seo: Niall agus Gormfhlaith (1938), Forbhas Chluain Mheala (1941) agus Oilibhéar Beannaithe Ploingcéad (1947). Ba léir go raibh múinteoirí tiomnaithe do chur chun cinn na Gaeilge sa mhéid go raibh siad sásta na drámaí a chumadh agus a léiriú ar bhonn deonach.[21]

Is iarracht shuntasach a bhí ann caitheamh aimsire spreagúil a chur ar fáil don ghlúin nua. Dealraítear gur fhreastail 4000 páiste ó na scoileanna éagsúla ar na léirithe seo sa bhliain 1937, mar shampla. Reáchtáladh comórtas an Chumainn Scoildrámaíochta gach bliain. Is soiléir an rud é go raibh na comórtais seo ina bhfóram do labhairt na Gaeilge. Is léir ó na critéir sa chomórtas go rabhthas ag súil le forbairt teanga agus foclóra mar chroílár na taithí, mar atá leagtha amach i Riail 1. “Labhairt na Gaeilge d’fhoirleathnú i measc na ndaltaí scoile.”[22] Tá tuairisc ann ó na caogaidí go raibh amhras ann faoin méid Béarla a bhí á labhairt acu ach níl an bhuairt chéanna curtha in iúl maidir le caighdeán na haisteoireachta nó an léirithe, rud a léiríonn an scaradh ó thraidisiún na hamharclannaíochta go dtí modheolaíocht chun an Ghaeilge a threisiú. Tá an bhéim ar an drámaíocht mar mhodheolaíocht le feiceáil ó shin i leith. Aithnítear i misean reatha an Chumainn Scoildrámaíochta go bhfuil an drámaíocht ina háis éifeachtach do mhúineadh na Gaeilge.[23]

Is léir mar sin sa chéad leath den fhichiú haois go raibh ábhar téagartha curtha ar fáil i ndrámaí na n-óg, idir theanga shaibhir agus théamaí polaitiúla. Chomh maith leis sin, bhain gné na hamharclannaíochta leis maidir le hardchaighdeán léirithe de, agus bhí baint ag an bpobal le cur chun cinn na drámaíochta. É sin ráite, bhí aidhmeanna cultúrtha agus oideachasúla fite fuaite le cur chun cinn dhrámaíocht na Gaeilge, agus níor thug an cur chuige sin an oiread sin deise dóibh machnamh a dhéanamh ar an ábhar. Ó na seascaidí agus ó na hochtóidí san aois chéanna tháinig athrú éigin ar mhodheolaíochtaí múinte na drámaíochta a dhírigh ar mhachnamh a dhéanamh ar eachtraí agus ar charachtair an dráma. Is fiú breathnú ar na hathruithe a tháinig i bhfeidhm i gcur chun cinn na drámaíochta ar leibhéal idirnáisiúnta agus féachaint cé chomh fada is a cuireadh na moltaí seo i bhfeidhm i gcumadh drámaí i nGaeilge agus i múineadh na drámaíochta.

 

Forbairtí sa Drámaíocht sa Dara Leath den Fhichiú hAois

Sa dara leath den chéad, feictear béim níos mó ar an tobchumadh agus ar an machnamh ar chúrsaí drámaíochta, mar aon le haitheantas a thabhairt don drámaíocht mar ábhar scoile inti féin. Sna seachtóidí chruthaigh Augusto Boal an múnla Theatre of the Oppressed, múnla a chothaigh rannpháirtíocht níos mó sa lucht éisteacha agus a leag an-bhéim ar an dialóg mar chuid den drámaíocht.[24] Mar a fheicfimid ar ball, bhí tionchar nach beag ag a shaothar ar chur chuige William Wall maidir le comhtháthú na drámaíochta agus na Gaeilge in Éirinn ag tús an aonú haois is fiche. Is éard atá i gceist le múnla Boal ná comhthéacs inar féidir leis an lucht éisteachta breathnú ar dhráma faoi dhó, ról an charachtair a ghlacadh agus an scéal a athrú trí chinnidh dhifriúla a dhéanamh. Leis an tobchumadh i ról nua, is féidir le baill den lucht éisteachta dianmhachnamh a dhéanamh ar mheon an charachtair agus ar na roghanna a dhéanann sé/ sí.[25] Chruthaigh Dorothy Heathcote eiseamláir eile sna seachtóidí agus sna hochtóidí, eiseamláir darbh ainm Mantle of the Expert agus bhí tionchar aige seo ar mhúineadh na drámaíochta. Is éard atá i gceist le Mantle of the Expert ná “the creation of a fictional world where students assume the roles of experts in a designated fields. […] A problem or task is established and the pupils are contracted in or ‘framed’ as an enterprise—a team of experts using imaginative role-play to explore the issue.”[26] Tugtar deis do na foghlaimeoirí smaoineamh ar an gceist nó ar an bhfadhb ar bhonn iomlánaíoch agus réimsí éagsúla eolais a úsáid.[27] In ainneoin na n-athruithe idirnáisiúnta maidir le múineadh na drámaíochta ó na seascaidí agus na seachtóidí ar aghaidh, le béim níos mó ar mhachnamh ar an bpróiseas, feictear neamhréir idir na haidhmeanna seo agus na drámaí Gaeilge a cuireadh ar fáil don óige sa tréimhse chéanna. Chomh maith leis sin, feicimid gluaiseacht i dtreo an drámaíocht a mhúineadh ar scoil agus gan í a chur chun cinn mar chaitheamh aimsire lasmuigh den scoil chomh minic sin.

Tháinig borradh áirithe arís ar fhoilsiú drámaí don óige sna hochtóidí. Foilsíodh mar shampla Preab san Aer (1980), Clann Lir agus Drámaí Eile (1987) agus Oscar Óg (1990) sa tréimhse seo. Chuir an Gúm amach sraith de dhrámaí aonghnímh don aos óg ag deireadh na n-ochtóidí agus mhair an tsraith seo go dtí lár na nóchaidí. Toisc gur sraith leabhar atá ann, de ghnáth bíonn na drámaí níos faide ná na cinn a fheicimid sna cnuasaigh eile, is cuma má tá siad dírithe ar pháistí óga bunscoile. Ó shin i leith, cé gur foilsíodh cúpla cnuasach gearrdhrámaí, níor cuireadh sraith mar seo ar fáil don óige. Ansin, tháinig drámaí simplí amhail rainn agus rímeanna amach sna nóchaidí nuair a bhí naíonraí ag teacht ar an bhfód. A bhuí le scríbhneoirí amhail Treasa Ní Ailpín, bhí ábhar saibhir ann do chainteoirí óga.

Chuir Nóirín Ní Nuadháin cnuasach drámaí in eagar do bhunmhúinteoirí sa bhliain 1989 a d’eascair as na comórtais de chuid an Chumainn Scoldrámaíochta: Tríocha Dráma do pháistí Bunscoile. Deirtear ag tús an chnuasaigh gur cuireadh isteach go leor samplaí de leathabairtí agus de chaint nádúrtha iontu chun aghaidh a thabhairt ar chumas íseal teanga na bpáistí.[28] Is cosúil ón gcnuasach seo gur cuireadh an bhéim is mó ar an drámaíocht chun Gaeilge a mhúineadh ar scoil. Tá fianaise ann a léiríonn go raibh ról níos mó ag bunmhúinteoirí mar ghníomhairí teanga nuair a bunaíodh an Saorstát. Mar chuid den ról seo, is faoina gcúram a bhí sé cabhrú le haistriúchán a dhéanamh ar litríocht na n-óg.[29] Treisítear an dlúthcheangal idir múinteoirí agus drámadóirí sa lá atá inniu ann i mbrollach an leabhair An Fáinne Óir agus Drámaí Eile le Seosamh Mac Gabhann (2001). Molann Ré Ó Laighléis an tuiscint agus an bua atá ag Mac Gabhann drámaí éifeachtacha a scríobh toisc é a bheith ina shármhúinteoir agus ina léiritheoir. Aithníonn Ré Ó Laighléis na trí ghné dar leis a chabhraíonn le dráma éifeachtach a scríobh: tuiscint do chás an léiritheora, chás an mhúinteora agus chás an dalta ach caoineann sé an easpa scríbhneoirí leis na buanna seo; “Is minic dráma do dhaoine óga curtha ar fáil dúinn ag duine nach eol dó ceardaíocht na drámaíochta agus bealach an mhúinteora.”[30] Is díol spéise nach bhfuil saothar drámaíochta luaite i measc bhuaiteoirí Ghradam Réics Carló, an príomhdhuais a bhronntar ar shaothar eisceachtúil don óige, le hocht mbliana anuas ar a laghad.[31] Tá scoil drámaíochta don aos óg curtha ar fáil ag Fíbín,[32] agus bhí deiseanna ag daoine óga na Gaeltachta iad féin a thumadh sa litríocht mar chuid den scéim Fuint Focal a d’eagraigh an comhlacht Pléaráca ach é sin ráite, tá drámaíocht na Gaeilge in iomaíocht sa lá atá inniu ann leis an iliomad caitheamh aimsire eile.

Mar sin, féachtar fós ar an nasc idir an saineolas múinteoireachta agus drámaíochta ach is faoi fhreagracht an mhúinteora amháin, seachas drámadóir gairmiúil, nó trí fhreastal ar imeachtaí drámaíochta sa phobal, atá sé an drámaíocht a chur chun cinn go príomha i measc an aosa óig.

 

Múineadh na Drámaíochta mar Ábhar Curaclaim

I gceapadh an churaclaim bhunscoile (1999), an curaclam reatha i mbunscoileanna na hÉireann, cuireadh meitheal oideachasóirí le chéile le díriú ar ábhair faoi leith. Neamhchosúil leis na hábhair eile, iarradh ar shaineolaithe faoi leith, nár ghá go raibh cúlra múinteoireachta acu, a bheith páirteach i scríobh líon beag curaclam, an Ghaeilge agus an drámaíocht ina measc. Is cosúil gur féachadh chuige go gcuirfí saineolas a bhaineann leis na réimsí seo, mar dhisciplíní iontu féin, san áireamh fiú má bhí an phríomhbhéim ar mhodhanna múinte na n-ábhar seo sa churaclam. John McArdle a ainmníodh mar shaineolaí ar an gcoiste a bhí freagrach as an gcuraclam drámaíochta agus ba chéim mhór í d’oideachas na n-ealaíon aitheantas a thabhairt don ábhar agus don tsaíocht a bhaineann leis.

Maidir leis an gcuraclam féin, feicimid an t-imeacht ó mhúnlaí traidisiúnta sa chumas urlabhra agus drámaíochta. Tá an curaclam drámaíochta níos giorra ná na hábhair eile (gan ach 51 leathanach ann). Tugtar 3 huaire do mhúineadh na n-ealaíon ina n-iomlán agus de ghnáth caitear 30 nóiméad i gcaitheamh na seachtaine ar mhúineadh na drámaíochta (tugtar 4 huaire don Bhéarla agus 1 uair don chorpoideachas, cuir i gcás).[33] Níl ach snáithe amháin sa churaclam (tréith shuntasach eile a bhaineann leis): “Drámaíocht chun mothúcháin, eolas agus idéanna a iniúchadh d’fhonn tuiscint a chothú” and agus is iad na trí shnáithaonad ná:

  • Iniúchadh agus déanamh drámaíochta;
  • Léirsmaoineamh ar dhrámaíocht;
  • Comhoibriú agus cumarsáid i ndéanamh drámaíochta.[34]

Sna blianta ó cuireadh curaclam 1999 i bhfeidhm, rinneadh an-iarracht múinteoirí bunscoile a chumasú maidir le múineadh na drámaíochta. Fuair gach ábhar oide oiliúint sna coláistí oideachais maidir le modheolaíochtaí éifeachtacha. Tugadh éascaíocht do mhúinteoirí freisin dul i dtaithí ar an gcuraclam trí na “cuiditheoirí” a chuir an Primary Curriculum Support Programme ar fáil. Feictear fós go bhfuil tuilleadh tacaíochta de dhíth ar mhúinteoirí toisc nach mbíonn ionchur ag drámadóirí agus speisialtóirí drámaíochta. Tá fáil anois ar threoirleabhair do mhúinteoirí chomh maith le sraitheanna drámaí chun an bhearna seo a líonadh. D’fhoilsigh Nóirín Ní Nuadháin Tomás na hOrdóige: Scéalta, Drámaí agus Cluichí sa bhliain 2004 agus cuirtear maisc agus aghaidheanna fidil leis an gcnuasach. Chuir Mícheál Ó Dubhghaill agus Fil Uí Dhubhghaill an tsraith Déan Dráma 1 (2005) agus Déan Dráma 2 (2012) ar fáil. Tugtar nótaí maidir le feisteas na bpáistí ann. Is cur chuige níos saintreoraí é seo a thaispeánann go hindíreach an titim i muinín múinteoirí drámaíocht na Gaeilge a dhéanamh le páistí óga.[35] Cé gur áis mhúinteoireachta an cnuasach drámaí, tá an bhéim ar an drámaíocht mar tháirge .i. an cheolchoirm a chur ar siúl ag an deireadh, seachas ar an drámaíocht mar phróiseas, le cleachtaí agus ceisteanna san áireamh a chothóidh machnamh ar imeachtaí an dráma, nó le físeáin a thaispeánfadh do mhúinteoirí conas idirghníomhú le páistí le linn an phróisis. Dar le hÓ Súilleabháin, bhí tairbhe le baint as fístéipeanna a chur ar fáil do mhúinteoirí, mar a rinneadh leis an gclár Modh an Aoibhnis[36] le ceachtanna drámaíochta a thaispeáint. Tá an bhéim seo ar an drámaíocht mar tháirge as áit ar bhealach le mianta an churaclaim athbhreithnithe. Níl an curaclam féin gan locht, áfach. Sa bhliain 1998 tar éis do McArdle a bheith ina chomhairleoir don mheitheal a chuir curaclam drámaíochta na bunscoile le chéile (cé nár foilsíodh é go dtí Meán Fómhair 1999), scríobh sé paimfléad thar a bheith spéisiúil maidir le laigí an oideachais drámaíochta atá beag beann, dar leis, ar go leor de ghnéithe tábhachtacha na drámaíochta mar mhodh ealaíne. Ceann de na lochtanna is mó a fhaigheann sé ar an oideachas drámaíochta ná an scaradh le traidisiún na hamharclannaíochta sa lá atá inniu ann. Admhaíonn sé ar ball “in educational drama, we have moved too far from theatre” agus go bhfuilimid “effectively flying on one wing.”[37]

Sa dara leath den chéad tháinig athruithe ar mhúineadh na drámaíochta ar leibhéal idirnáisiúnta. Íslíodh an bhéim ar scripteanna beachta agus ar an drámaíocht mar tháirge. Níl an cur chuige céanna molta do dhrámaí Gaeilge, áfach, mar a fheicimid i mbrollach an chnuasaigh Cumhacht na Cuimhne nuair a deir Ní Nuadháin gur chóir an dráma a ullmhú “mar ghnáthcheacht léitheoireachta.” Tugtar nótaí breise maidir le cúrsaí foghraíochta fiú.[38] Is fotháirge de shaghas éigin an dráma mar sin tar éis don rang an buncheacht léitheoireachta a dhéanamh. Tá an chuma ar an scéal, mar sin, go bhfuil áit lárnach tugtha don drámaíocht san oideachas bunscoile, ach is ó thaobh fhorbairt na teanga labhartha de atá sé. Ní mór comhthéacs soch-chultúrtha na Gaeilge a chur sa áireamh, áfach. Aithnítear an bhéim nua sa churaclam (1999) ar an drámaíocht mar phróiseas ach cíorann Ní Nuadháin an scéal ar bhealach níos caolchúisí. Deir sí “Tá an bhéim níos mó anois i saol na drámaíochta scoile ar an tobchumadh agus ar imirt i rólanna, ach ó thaobh na Gaeilge mar dhara teanga de, san áit nach féidir leis na daltaí a bheith ag tobchumadh mar nach bhfuil líofacht acu, tá áit fós ag an drámaíocht stáitse.”[39] Mar sin, is cosúil go bhfuil dúshláin roimh fhorbairt dhrámaíocht Ghaeilge na n-óg nuair nach bhfuil Gaeilge líofa ag páistí óga. An réiteach ceannródaíoch é an drámaíocht agus an Ghaeilge a nascadh le chéile chun saibhreas an dá réimse a chur ar shúile an pháiste, rud a chabhróidh le forbairt iomlánaíoch an pháiste? Nó an é atá i gceist leis seo ná an drámaíocht a chur faoi scáth na n-iarrachtaí eile scileanna litearthachta agus teanga a fheabhsú? Agus cad iad na himpleachtaí atá ann don drámaíocht mar mhodh ealaíne dá bharr?

 

An Teannas idir an Drámaíocht mar Mhodh Ealaíne agus mar Mhodeolaíocht

Féachtar ar luach oideachais na drámaíochta laistigh de réimse níos teoranta sa lá atá inniu ann, agus baineann sé le forbairt na scileanna teanga agus litearthachta den chuid is mó. Nuair a bhaintear úsáid as an drámaíocht ar bhealach comhtháite, tá an baol ann nach múinfear an drámaíocht mar ábhar inti féin. Trí dhrámaíocht na n-óg a lonnú go príomha sa seomra ranga freisin, áiteofar go gcruthaítear teannas chomh maith maidir leis na réimsí seo a leanas: róil bhríocha na n-aisteoirí agus rannpháirtíocht na bpáistí uile; oiriúnacht teanga agus ábhair; léiriú substaintiúil ar bhaill na sochaí nó scéal simplí a roghnú.

 

i. Róil bhríocha na n-aisteoirí agus rannpháirtíocht na bpáistí uile

Is léir ó theideal na gcnuasach drámaí, cuir i gcás Tríocha Dráma do Dhaltaí Scoile le Nóirín Ní Nuadháin agus Dhá Dhráma Bunscoile le Míchéal Mac Cárthaigh, go bhfuil an bhéim ar an seomra ranga mar fhóram do dhrámaíocht na n-óg. Leagtar béim ar rannpháirtíocht an ranga seachas ar fhorbairt an phlota: “Tá sé tábhachtach go mbeadh gach páiste sa rang páirteach sa dráma más féidir.”[40] Moltar ag tús roinnt drámaí freisin, aisteoirí breise a úsáid ach ní fios cén ról a bheidh acu i dtitim amach an scéil.[41] Is minic na príomhcharachtair luaite ag tús an dráma, ach níl líon daoine luaite in aice leis na róil ghinearálta eile, mar shampla, na saighdiúirí agus na spásfhir;[42] na hollphéisteanna, crainn, agus sióga[43] agus an slua.[44] Tugtar nótaí maidir le pearsantachtaí na gcarachtar ag an tús i roinnt de na drámaí a d’fhoilsigh An Gúm sa tsraith drámaí ag deireadh na n-ochtóidí. Sa dráma Buailigí Bóthar, a Lucht Siúil! deirtear linn go bhfuil Neasa “mallintinneach, lách agus an-láidir.”[45] Tá na nótaí seo faoi phearsantachtaí na gcarachtar in easnamh ó go leor drámaí a foilsíodh ina dhiaidh sin agus cuireann sé sin srian breise le cumas an pháiste ról bríoch an charachtair a ghlacadh. Tá simpliú déanta ar úsáid na treorach stáitse ar dhrámaí eile chomh maith, rud a chabhródh leis an bpáiste an carachtar a chur in iúl ar bhealach níos fearr, agus i bhformhór na gcásanna tá an treoir stáitse bainteach le mím a dhéanamh agus ní le mothúcháin a chur leis na focail.[46]

Mar fhreagra ar na dúshláin seo, is féidir úsáid a bhaint as roinnt moltaí atá ann do dhea-chleachtas mhúineadh na Gaeilge. Mar a mholann Sorcha Ní Mhistéil[47] agus Ó Laoire, ní ceart go mbeadh deighilt idir an cur chuige do mhúineadh na teanga agus do mhúineadh na litríochta.[48] Comhtháthú na scileanna a mholann Ó Laoire sa chéad chás, agus tá adhmad le baint as an gcur chuige seo freisin don drámaíocht. Ní gá mar sin go ndíreofaí ar labhairt na Gaeilge amháin. Molann Ó Súilleabhán go mbeidh gach duine páirteach sa rang drámaíochta[49] agus is fíor nach mbeidh an múinteoir ag iarraidh go mbeadh aon pháiste díomhaoin le linn an cheachta drámaíochta, ach ní hionann sin agus a rá go gcaithfidh gach páiste a bheith ag aisteoireacht ag an am céanna. Seo roinnt moltaí eile a dhíríonn ar na ceithre scil teanga:

  • Fuaimdhreach: d’fhéadfadh grúpa páistí ceol Gaeilge a chumadh nó a roghnú do radharc amháin;
  • Lorgaireacht Smaointe: roghnaíonn páistí carachtar amháin agus scríobhann siad síos, nó déanann siad pictiúr de na smaointe atá an ag gcarachtar sin;
  • Tableau: Roghnaíonn na páistí atá ag breathnú ar an aisteoireacht an radharc is fearr leo agus déanann siad tableau de.
  • An Cosán Coinsiasa: tar éis do pháistí breathnú ar radharc amháin seasann siad ina dhá líne agus siúlann an páiste atá i ról síos idir an dá líne sin. Le linn don pháiste atá i ról dul thar bráid, tugann na páistí eile píosa comhairle amháin dó, nó do pháistí nach bhfuil an cumas céanna teanga acu, is féidir aischothú gairid a thabhairt dó, “an rogha ceart” nó “an rogha mícheart”;
  • Sealchathaoir: cuireann an rang ceisteanna ar pháiste amháin atá ag aisteoireacht agus freagraíonn an páiste sin ó pheirspictíocht an charachtair.

Is féidir na moltaí seo thuas a chur in oiriúint don rang ag brath ar an aoisghrúpa agus ar an gcumas.[50]

 

ii. Oiriúnacht Teanga agus Ábhair

I dteannta an achoimre den dráma a bhíonn ar fáil ag an tús, luaitear aoisghrúpa an dráma go minic. Sa chnuasach An Leon Ocrach agus Drámaí Beaga Eile mar aon leis an gcaighdeán teanga, cuireann an t-údar in iúl ag tús an chnuasaigh go bhfuil na drámaí dírithe ar fhoghlaimeoirí Gaeilge seachas ar chainteoirí dúchais.[51] “Tá na h-abairtí (sic) ann simplí, an-ghearr agus i ngeall air sin ta an dráma an-oiriúnach do pháistí faoi 8.” Cuirtear béim i gcnuasaigh eile freisin ar na critéir teanga a bhaineann leis na drámaí a rangú de réir aoisghrúpa agus ní ar ábhar an dráma.[52] Má fhéachtar ar na drámaí sna haoisghrúpaí éagsúla sa chnuasach Tríocha Dráma do Pháistí Bunscoile, is léir freisin go bhfuil an rangú déanta de réir chaighdeán na teanga agus leibhéal deacrachta an fhoclóra, seachas ar théamaí an dráma. Sna drámaí bunaithe ar an aoisghrúpa 6-8 mbliana, is minic a úsáidtear abairtí níos gonta agus foclóir simplí go leor. Éiríonn an teanga níos casta sna drámaí atá dírithe ar pháistí níos sine. Tá an bhéim ar fhorbairt teanga sna drámaí, seachas ar iniúchadh ról difriúil, ráite go neamhbhalbh sa réamhrá[53] a leagann béim ar na critéir ar a roghnaíodh na drámaí. Is le freastal ar “f(h)oghlaimeoirí laga a cuireadh na drámaí le chéile don aoisghrúpa 10-12” agus “Is mar gheall ar an aithris sna línte agus an cleachtadh a gheobhaidh páistí ar nathanna cainte faoi leith, a roghnaíodh na drámaí don aoisghrúpa 6-9.” Leagann Dónal Ó Conchúir béim freisin ar an úsáid is féidir a bhaint as an drámaíocht chun páistí a spreagadh le Gaeilge a labhairt[54] ach níl an fhoirmeáltacht chéanna ag baint leis an gcur chuige a mholann seisean agus atá in úsáid scripteanna faoi leith. Piocann sé roinnt túsphointí éagsúla mar spreagadh, mar shampla, pictiúir nó ceol. Ní mholann sé iallach a chur ar pháiste mura mian leis labhairt agus dar leis go bhfuil sé inghlactha úsáid a bhaint as an mBéarla más gá. Cáineann sé oidí a chuireann isteach ar an dráma le cúrsaí gramadaí agus foghraíochta a cheartú.[55] Is maith an bhéim, dar liom, atá aige ar labhairt na Gaeilge a spreagadh tríd an drámaíocht ach gan ceacht teanga amháin a dhéanamh as.

Is cinnte gur dúshlán atá ann nuair nach bhfuil teanga líofa ag an bpáiste agus nuair atá an múinteoir ag iarraidh air dul i ngleic le drámaíocht chruthaitheach ach tá moltaí ciallmhara déanta ag William Wall maidir leis an dá thrá a fhreastal. Ag tógáil ar shaothar Boal, cuireann sé an-bhéim ar an dialóg. Sna pleananna ceachta samplacha a chuireann sé ar fail,[56] tá an cuspóir drámaíochta agus Gaeilge ainmnithe ach feictear difríocht chaolchúiseach sa bhéim, mar shampla 1) Cuspóir Gaeilge: Tús agus deireadh a chur le comhrá; 2) Cuspóir drámaíochta: Conradh drámaíochta a bhunú, agus Ciorcal Drámaíochta a chruthú. An bhéim teanga, d’fhéadfadh baint a bheith aige le beannachtaí éagsúla a úsáid i gcomhthéacs (beannú do dhuine ar maidin nó san oíche) ach an bhéim drámaíochta, d’fhéadfadh baint a bheith aige le mothúcháin éagsúla a chur in iúl (beannú do dhuine le guth brónach nó feargach) nó beannú do dhuine i ról carachtair (bean a bhfuil deifir uirthi dul ag an obair, fear atá díreach i ndiaidh dúiseacht ar maidin agus a bhfuil an-tuirse go deo air). Chomh maith leis sin, tá gnáthchaint roghnaithe ag Wall, teanga a bheidh cloiste ag an bpáiste cheana féin, nó rabhlóg nó rím, agus tugtar neart deiseanna don pháiste an eiseamláir a chleachtadh. Tréith shuntasach de chuid na gceachtanna freisin ná go bhfuil neart teanga neamhlabhartha agus neart aithrise ann ar an bhfoclóir nua. D’fhoghlaimeoirí níos cumasaí, is féidir cur leis na heiseamláirí teanga.

 

iii. Ceachtanna a Mhúineadh nó Plota Casta a Iniúchadh

Minic go leor faigheann páistí nochtadh ar sheánraí teoranta drámaíochta; síscéalta, miotaseolaíocht na Gaeilge agus fabhalscéalta, de ghnáth. Baineann na drámaí a foilsíodh i gcnuasach Ní Nuadháin le roinnt critéar, foirmeacha dúchasacha ealaíne a chur in oiriúint don aos óg ina measc.[57] Tá an cur chuige seo ag teacht leis an seanchur chuige a bhí in úsáid ag an bPiarsach agus de Valera chun mórtas cultúrtha a threisiú. Cosnaíonn Ní Nuadháin sa réamhrá don phacáiste Tomás na hOrdóige an rogha a rinne sí scéalta béaloidis amháin a chur ann mar gheall ar chríoch shimplí na scéalta mar go bhfuil “fuascailt le fáil ar na fadhbanna sin agus bíonn na páistí sona sásta sa deireadh, cosúil leis na carachtair sna scéalta.”[58] Ní nach ionadh mar sin go bhfuil a leithéid seo de shíscéalta san áireamh: Na Trí Mhuc agus Na Trí Bhéar agus scéalta dúchasacha na hÉireann: Labhraidh Loingseach agus Cúchulainn, agus leagan drámaíochta de shaothar ceannródaíoch Jimín Mháire Thaidhg -Dreoilín Jimín. Feictear an nós céanna sna drámaí eile a foilsíodh sna nóchaidí: Clann Lir agus Drámaí Eile le Máire Uí Cheallaigh. Leantar fós leis an nós seo, drámaíocht na n-óg a bhunú ar sheanscéalta, mar atá sa chnuasach Déan Dráma 1 (2005) a dhíríonn mar shampla ar Na Trí Mhuicín agus Jeaic agus an Gas Pónaire. Roghnaíonn Fil Uí Dhubhghaill agus Mícheál Ó Dubhghaill suíomh samhalta do na drámaí eile atá sa chnuasach freisin: Feargal an Fear Bréige Cineálta agus Díoltas na Coille, a chuirfeadh síscéal i gcuimhne dúinn.

Sa chnuasach An Leon Ocrach agus drámaí beaga eile, is fabhalscéalta atá ann ina bhfuil an ceacht ráite go neamhbhalbh ag an deireadh agus is minic an teachtaireacht mar chríochlíne an dráma fiú, mar shampla sa dráma An Leon Ocrach “Is minic an gáire deireanach an gáire is fearr.”[59] Críochnaítear an dráma minic go leor le seanfhocal mar atá i Cosc ar Iascach “is fearr breac sa phota ná bradán sa linn.”[60] Mar an gcéanna leis an nós seo, críochnaíonn drámaí eile le teachtaireachtaí láidre reiligiúnacha maidir le grá Dé, mar atá sa chnuasach An Fáinne Óir.[61] Mar réamhrá do roinnt drámaí fiú, tá an teachtaireacht atá le foghlaim leagtha amach go soiléir. “Is minic an-bhrú ar thuismitheoirí nach mbíonn flúirse airgid acu na bréagáin a lorgaíonn na páistí a cheannach.”[62] Sa chnuasach Cumhacht na Cuimhne, cé nach fabhalscéalta iad tá feidhm theagascach leis na drámaí agus is minic é luaite mar bhuaicphointe eolais ag deireadh an dráma, mar shampla, “tá ceacht foghlamtha agamsa, agus is é sin go bhfuil bua na cuimhne ag daoine freisin […] agus nach féidir brath go hiomlán ar chuimhne an ríomhaire.”[63]

Luann Ní Nuadháin an scéalaíocht ar cheann de na straitéisí teagaisc agus foghlama don Ghaeilge. Cé go bhfuil buntáistí na scéalaíochta i múineadh na teanga fíor, tá ról na scéalaíochta chun tuiscint níos fearr a fháil ar an bhfadhb[64] curtha ar leataobh. Is iad na scileanna doimhne seo atá molta sa snáithaonad “léirsmaoineamh ar dhrámaíocht” ach feictear go seachnaíonn na drámaí seo castacht sa phlota ar mhaithe le teachtaireacht mhorálta shimplí a mhúineadh.

 

iv. Téamaí na ndrámaí bunscoile: ceachtanna indíreacha

Tá foghlaim indíreach in go leor de na drámaí maidir le baill de phobail atá imeallaithe ar bhealaí éagsúla sa tsochaí, mar atá an Lucht Siúil agus daoine a fhaigheann an dól, tríd an léiriú a dhéantar orthu. Minic go leor is léiriú simplí atá ann gan castacht an cháis a thaispeáint. Tá ceachtanna láidre faoi bhagairtí an tsaoil, go háirithe an t-alcól, ann chomh maith, mar a bhí ann i ndrámaí na hAthbheochana.

 

a. Léiriú ar dhaoine a fhaigheann an dól

Is beag dráma a phléann le daoine atá dífhostaithe agus má phléann, níl ach tuiscint ghearrbhreathnaitheach ar an dól léirithe. Cuir i gcás an dráma Cosc ar Iascach ina bhfuil meisceoir foréigneach a chaitheann airgead an dóil ar an alcól agus a shíleann gur leipreachán é an páiste óg os a chomhair. Scríobhadh an cnuasach seo roimh an gcúlú eacnamaíochta (2008) nuair nach raibh fadhb na dífhostaíochta chomh forleathan sa tsochaí, agus í bainteach le go leor cúiseanna eile. Ní haon chomhtharlúint é, dar liom, ról foréigneach a thabhairt don charachtar Máirtín Bhillí, an t-aon duine amháin atá ar an dól sa dráma leis an teideal céanna.[65] Cuirtear é in iúl dúinn mar namhaid agus leisceoir agus níl léiriú ar aon duine cumasach atá dífhostaithe mar gheall ar chúrsaí eacnamaíochta na tíre. Tá teachtaireachtaí láidre sna drámaí eile maidir le bagairtí an tsaoil agus tá léiriú lom ar an duine atá ag teacht amach as an bpríosún agus é ag tógáil trioblóide. Deirtear go mbíonn sé “ag sleamhnú thart go ciúin”, meafar a úsáideadh cheana do charachtar eile atá i dteideal an dól a fháil sa dráma Cosc ar Iascach.[66] Tá meafar na nathrach seo an-chumhachtach i saol na hÉireann toisc an miotas go raibh ar Naomh Pádraig an ruaig a chur orthu, ach sa Ghaeilge freisin, toisc gur minic a cheanglaítear an cáilitheoir “nimhe” (nathair nimhe) leis, ag taispeáint bagairt thocsaineach a bhaineann leis mar ainmhí. Baintear úsáid as íomhá na n-ainmhithe eile nuair a thagraítear don charachtar mar “leon i gcás.”[67] Anois is íomhá d’ainmhí fíochmhar atá ann agus é faoi smacht ar éigean.

 

b. Léiriú ar an Lucht Siúil

Éiríonn níos fearr leis an dráma Buailigí Bóthar, a Lucht Siúil! léargas cothrom a thabhairt ar thaithí pobail éigin. Tugann sé pictiúr dúinn den chaitheamh díspeagúil a léirítear leis an Lucht Siúil, nó le “tincéirí” mar a thugtar orthu sa dráma, go háirithe an dearcadh diúltach ina leith nó i bhfocail an charachtair is claonta Colette nach bhfuil iontu ach “rudaí gránnna nach ndéanann aon obair agus a bhíonn i gcónaí ag salú.”[68] Tá léiriú ar dheacrachtaí dhuine den Lucht Siúil le sonrú sa dráma Feallaire[69] agus duine ag cur ina leith gurbh eisean a sciob an peann luaidhe. Tá treocht sna drámaí seo, mar atá sa dráma An Cailif Cóir, béim a leagan ar shaíocht agus ar shaineolas a bhaineann le pobal mionlaithe imeallaithe de réir mar a théann an dráma ar aghaidh. Feictear go bhfuil sé ar chumas an Fhir Shiúil fadhbanna an mhadra a leigheas agus go bhfuil cur amach ag an mbuachaill óg ón Lucht Siúil ar fhíricí an tsaoil.[70] Tagann an tuiscint níos doimhne seo ar chastacht na gcarachtar chun cinn i gcaitheamh an dráma agus feicimid go hindíreach na fachtóirí eile a chuireann leis an dearcadh diúltach atá ann ag an tús, mar shampla, meon claonta an ghrúpa i leith an duine ón taobh amuigh trí theorainn bheacht a leagan síos idir baill an ghrúpa agus an duine eile. Feictear an teorainn seo ag leathnú ag deireadh an dráma nuair is mian leis an lucht socraithe cabhair an Lucht Siúil a lorg le hionsaí a dhéanamh ar ghrúpa eile: An Baile Buí.[71]

 

c. Léiriú ar chúrsaí óil

Tá guth folaithe morálta in go leor drámaí. Mhol Mac Piarais i luathbhlianta an chéid gur chóir do litríocht na hÉireann aghaidh a thabhairt ar “the drink evil”[72] agus os cionn céad bliain ar aghaidh tá an bhuairt agus an eagla, atá míréasúnta formhór an ama, i leith an alcóil le brath sna drámaí. Sa dráma Cat na mBróg déanann na gardaí tagairt don ól.[73] Cuireann siad in iúl nach bhfeiceann an duine rud aisteach ach amháin agus é ar meisce. Tá sé amhlaidh sa dráma Aithrí an Táilliúra leis an bhfear a théann ar spraoi óil rómhinic agus a n-éiríonn lena chairde bob a bhualadh air dá bharr.[74] Ceanglaítear droch-íomhánna leis an ól den chuid is mó: duine ó smacht, ag dul thar fóir, foréigneach agus ag samhlú rudaí nach bhfuil ann. Níl léiriú sláintiúil ar an alcól iontu; aon tagairt don ól is meisceoir atá ann agus tá an teachtaireacht mhorálta le brath ar an téacs. De réir taighde Growing Up in Ireland, staidéar fadaimseartha ar pháistí in Éirinn, tá tuiscint chothrom ag páistí an lae inniu ar chúrsaí óil, is é sin go n-aithníonn siad nach bhfuil an t-alcól “go maith” duit agus síleann siad go n-ólfaidís go measartha amach anseo.[75] In aineoinn na tuisceana aibí seo, baineann drochléirú le haon tagairt den alcól in go leor drámaí.

Mar sin, tá cúpla teannas a thagann chun cinn toisc drámaíocht na n-óg a bheith lonnaithe sa seomra ranga, agus an bhuairt maidir le rannpháirtíocht gach páiste go háirithe nuair atá cumas íseal teanga aige/aici. Ní iniúchtar téamaí casta a dhóthain toisc carachtair aontoiseacha a bheith ann agus easpa treoracha stáitse maidir le cúlra na gcarachtar.

 

Conclúid

Mar fhocal scoir, tá dhá dhiminsean ag baint le drámaíocht Ghaeilge na n-óg: í a bheith mar mhodh ealaíne nó cinéal litríochta speisialta a d’fhás as an Athbheochan, ach ní féidir a ról oideachasúil mar mhodheolaíocht do mhúineadh na Gaeilge a shéanadh. Roghnaíodh dhá thréimhse ionadaíocha i bhfás agus i bhforbairt dhrámaíocht na n-óg: ag tús an chéid seo caite, agus sa dara leath den chéad go dtí an lá atá inniu ann. Cé go bhfuil bearna ama idir na tréimhsí seo, agus go bhfuil roinnt tréimhsí stairiúla eile nach dtéitear i ngleic leo san aiste seo, léiríonn siad na deiseanna agus na dúshláin a cuireadh roimh dhrámadaóirí, mhúinteoirí agus aisteoirí óga ag staideanna éagsúla.

Taispeánann an turas seo go bhfuil caidreamh seanbhunaithe ann maidir le comhtháthú na Gaeilge leis an drámaíocht agus gur caidreamh siombóiseach a bhí ann ag tús an fichiú haois. Ar an drochuair, tá roinnt de na bunchlocha a chabhraigh léi imithe i léig amhail an tacaíocht ón bpobal agus ón Roinn Oideachais agus Scileanna, caighdeán níos airde Gaeilge ag an aos óg a ghlac páirt sna dramaí, agus muinín múinteoirí mar léiritheoirí. Tháinig creimeadh ar an gcúram amharclannaíochta a bhain leis na drámaí tar éis tamaill agus cuireadh an phríomhbhéim ar fhorbairt labhairt na Gaeilge. Léiríonn na tréimhsí freisin an leanúnachas atá ann sna cuir chuige mar shampla an béaloideas a bheith go mór chun tosaigh fós agus luachanna cultúrtha agus morálta a bheith á gcur chun cinn, leagáid ón Athbheochan. Fágann an nós seo, áfach, go bhfuil iniúchadh éadrom déanta ar charachtair minic go leor. Léiríonn na tréimhsí na hathruithe freisin go háirithe maidir le téamaí a chuirtear ar shúile na bpáistí. Níl ceist an náisiúnachais, mar shampla, chomh lárnach sa lá atá inniu ann agus is annamh ábhar téagartha polaitiúil a bheith sna drámaí anois.

Chomh maith leis sin, toisc gurb é an seomra ranga seachas an pobal príomhionad dhrámaíocht na n-óg, go teoiriciúil tá nochtadh rialta ag páistí óga ar an drámaíocht, ach ní speisialtóirí drámaíochta a bhíonn ag plé le cur chun cinn na drámaíochta. B’fhéidir go bhfuil níos mó tacaíochta de dhíth ar mhúinteoirí agus gurb é sin an fáth go bhfoilsítear treoirleabhair drámaíochta seachas scripteanna le tamall anuas. É sin ráite, níl moltaí praiticiúla rmaidir leis an drámaíocht mar phróiseas sna treoirleabhair chéanna agus tá an bhéim ar fhorbairt teanga minic go leor. Ba chinneadh tábhachtach é an drámaíocht a chur san áireamh i gcuraclam na bunscoile chun dearbhú a thabhairt do na healaíona mar bhunchloch i bhforbairt iomlánaíoch an pháiste. Léirítear ó na seachtóidí ar aghaidh, áfach, contrárthacht freisin idir modhanna múinte nua forásacha a mhol béim a chur ar an bpróiseas agus ar léirsmaoineamh ar an drámaíocht, agus an cleachtas maidir le drámaíocht Ghaeilge na n-óg. D’fhéadfadh cúngú breise a bheith i gceist mar gheall ar an gcomhthéacs sochtheangeolaíoch (foghlaimeoirí Gaeilge den chuid is mó atá i measc na ndaltaí scoile agus na múinteoirí) agus mar gheall ar an seomra ranga a bheith mar phríomhardán drámaíochta. Mar a chonacthas, áfach, ní gá comhtháthú a dhéanamh le labhairt na Gaeilge amháin. Ní gá gurb ionann an drámaíocht mar áis foghlama agus modheolaíocht theoranta a fheáchann chun stór focal a fhorbairt. Is féidir tógáil ar scileanna eile sa cheacht drámaíochta agus páistí a chur ag plé leis an ábhar ar bhealaí éagsúla seachas a bheith ag aisteoireacht amháin.

Bhí tábhacht ag baint leis an drámaíocht mar bhealach chun an Ghaeilge a mhúineadh ó aimsir na hAthbheochana i leith ach tá ról níos treise aici mar mhodheolaíocht sa lá atá inniu ann, agus feictear meath comhchéimneach i gceird na drámaíochta. Na gnéithe is suntasaí den drámaíocht mar mhodheolaíocht, nó mar mhodh chun an litearthacht a chur chun cinn, ná ról comharthaíoch na gcarachtar in amanna, go dtugtar tús áite do chaighdeán teanga seachas do théamaí oiriúnacha, agus feidhm theagascach na ndrámaí seachas páistí a chur ag ceistiú luachanna éagsúla agus léiriú cothrom a fháil ar phobail imeallaithe sa tsochaí. Más úsáid na drámaíochta mar mhodheolaíocht go príomha a bheidh ann amach anseo maidir le múineadh teanga agus forbairt na litearthachta, is céim siar atá ann ar go leor bealaí agus tagann sé salach ar an infheistíocht a rinneadh maidir le múinteoirí a chumasú leis an drámaíocht a mhúineadh, agus déantar dearmad ar fhréamhacha ghluaiseacht na drámaíochta chun mórtas a chothú i leith litríocht shaibhir na Gaeilge. Má tá an róbhéim ar an drámaíocht mar mhodheolaíocht, tá an baol ann go ndéanfar beag is fiú dá ról tábhachtach mar mhodh ealaíne.

 

[1] Éadaoin Ní Mhuircheartaigh agus Nollaig Mac Congáil, eagí, Drámaí Thús na hAthbheochana (Gaillimh: Arlen House, 2008), 7.

[2] Ibid., 27.

[3] John Harris, “The Declining Role of Primary Schools in the Revitalisation of Irish,” AILA Review 21 (2008): 49-68, 10.1075/aila.21.05har.

[4] Róisín Ní Ghairbhí agus Eugene McNulty, eagí, Patrick Pearse Collected Plays/Drámaí an Phiarsaigh (Kildare: Irish Academic Press, 2013), 2.

[5] Ibid., 15.

[6] Ibid., 54.

[7] Ibid., 295.

[8] Ibid., 8.

[9] Ibid., 21.

[10] Órla Ní Chuilleanáin, Tíortha na hÓige: Litríocht Ghaeilge an nÓg agus Ceisteanna an Aistriúcháin (Baile Átha Cliath: LeabhairCOMHAR, 2014), 95.

[11] Siobhán Kirwan-Keane, “Sinéad de Valera agus Drámaíocht Ghaelach na nÓg,” in Codladh Céad Bliain: Cnuasach Aistí ar Litríocht na nÓg, eag. Ríona Nic Congáil (Baile Átha Cliath: LeabhairCOMHAR, 2012), 45.

[12] Ibid., 51.

[13] Ibid., 52.

[14] Karen Vandevelde, The Alternative Dramatic Revival in Ireland, 1897–1913 (Dublin: Maunsel and Co., 2005), 60-61.

[15] Ní Chuilleanáin, Tíortha na hÓige, 197.

[16] Ní Mhuircheartaigh agus Mac Congáil, eagí, Drámaí Thús na hAthbheochana, 12.

[17] Ibid., 27.

[18] Ibid., 28.

[19] Kirwan-Keane, “Sinéad de Valera,” 52.

[20] Donncha Ó Súilleabháin, An Cumann Scoil Drámaíochta 1934-1984 (Baile Átha Cliath: An Clóchomhar Teoranta, 1986), 7.

[21] Ibid., 9.

[22] Ibid., 12.

[23] “Buneolas,”An Cumann Scoildrámaíochta, nuashonraithe go deireanach 2015, http://www.scoildramaiocht.ie/leathanachbaile.php.

[24] Féach ar an gcaint a thug William Wall ag comhdháil International Drama Educators Association “A Tree is Planted,” nuashonraithe go deireanach 2013, http://www.drama.ie/files/a-tree-is-planted.pdf.

[25] “Forum Theatre,” Drama Resource, nuashonraithe go deireanach 2015, http://dramaresource.com/drama-strategies/forum-theatre/.

[26] “Mantle of the Expert,” Drama Resource, nuashonraithe go deireanach 2015, http://dramaresource.com/drama-strategies/forum-theatre/.

[27] Dorothy Heathcote agus Gavin Bolton, Drama for Learning: Dorothy Heathcote’s Mantle of the Expert Approach to Education (Portsmouth: Heinemann, 2007), 31.

[28] Nóirín Ní Nuadháin, eag., Tríocha Dráma do Dhaltaí Scoile (Indreabhán: Cló Iar-Chonnachta, 1989), 8.

[29] Fidelma Ní Ghallchobhair, “An Gúm: Rannóg na leabhar do pháistí á bunú agus taithí ón taobh istigh”, in Tíortha na hÓige, eag. Órla Ní Chuilleanáin, 340.

[30] Seosamh Mac Gabhann, An Fáinne Óir agus drámaí eile (Maigh Eo: Cló Mhaigh Eo, 2001), 9.

[31] Ríona Nic Congáil, “Réics Carló,” Inis Magazine 45 (Fómhar 2015), 8.

[32] “Fíbín,” Fíbín Teoranta, nuashonraithe go deireanach 2011, http://fibin.com/.

[33] An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta, Curaclam na Bunscoile Réamhrá (Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair, 1999), 70.

[34] An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta, Drámaíocht (Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair, 1999), 15.

[35] John McArdle, Flying on Both Wings: A Theory of Drama and Theatre in Education (Dublin: The National Theatre Society, 1998), 8.

[36] Eoghan Ó Súilleabháin, “Drámaíocht Chruthaitheach agus múineadh na Gaeilge sa Bhunscoil, Comhar 50.2 (1991): 26.

[37] McArdle, Flying on Both Wings, 4.

[38] Nóirín Ní Nuadháin, “Brollach,” in Cumhacht na Cuimhne agus Drámaí Eile, eag. Seosamh Mac Gabhann, (Indreabhán: Cló Iar-Chonnachta, 2000), 9.

[39] Ní Nuadháin, Tríocha Dráma, 9.

[40] Ní Nuadháin, “Brollach,” 9.

[41] Seosamh Mac Gabhann, “Cosc ar Iascach,” in Cumhacht na Cuimhne, 26.

[42] Máire Nic Canna, “Cúirt Mheán-Oíche Eile,” in Tríocha Dráma do Dhaltaí Scoile, eag. Nóirín Ní Nuadháin (Indreabhán: Cló Iar-Chonnachta, 1989), 30-40.

[43] Carmel Uí Bholguidhir, “Bróga briste draíochta,” in Tríocha Dráma, 40-49.

[44] Seosamh Mac Gabhann, “Na Brídeoga,” in An Fáinne Óir agus drámaí eile (Maigh Eo: Cló Mhaigh Eo, 2001), 87-95.

[45] Dónal Ó Conchúir, Buailigí Bóthar, a Lucht Siúil! (Baile Átha Cliath: An Gúm, 1993), 3.

[46] Éilís de Brún, An Leon Ocrach agus drámaí beaga eile (Baile Átha Cliath: An Gúm, 2001), 13.

[47] Sorcha Ní Mhistéil, “Smaointe i gcomhair teagaisc sa bhunscoil,” Teagasc na Gaeilge 2 (2003): 116.

[48] Muiris Ó Laoire, “Múineadh agus Tástáil na Litríochta,” Teagasc na Gaeilge 8 (2008): 152.

[49] Ó Súilleabháin, “Drámaíocht Chruthaitheach,” 27.

[50] Tá tuilleadh smaointe ar fáil ar an nasc seo a leanas www.drama.ie.

[51] de Brún, An Leon Ocrach, 4.

[52] Seosamh Mac Gabhann, “Ceo an tSaoil” in An Fáinne Óir, 79.

[53] Ní Nuadháin, Tríocha Dráma, 7.

[54] Dónal Ó Conchúir, “An drámaíocht chruthaitheach mar áis teagaisc i múineadh na Gaeilge,” Teagasc na Gaeilge 2 (1981): 5.

[55] Ibid., 16.

[56] Féach ar an suíomh www.drama.ie.

[57] Ní Nuadháin, Tríocha Dráma, 7.

[58] Ibid., 3.

[59] Éilís de Brún, “An Leon Ocrach,” in An Leon Ocrach agus drámaí beaga eile (Baile Átha Cliath: An Gúm, 2001), 10.

[60] Mac Gabhann “Cosc ar Iascach,” 33.

[61] Seosamh Mac Gabhann, “An Fáinne Óir,” in An Fáinne Óir, 22.

[62] Ibid., 37.

[63] Seosamh Mac Gabhann, “Cumacht na Cuimhne,” in Cumhacht na Cuimhne, 23.

[64] Máirín Nic Eoin, Trén bhfearann Breac: An Díláithriú Cultúir agus Litríocht na Nua-Ghaeilge (Baile Átha Cliath: Cois Life), 390.

[65] Seosamh Mac Gabhann, “Máirtín Bhillí,” in An Fáinne Óir, 55-67.

[66] Mac Gabhann “Cosc ar Iascach,” 29.

[67] Mac Gabhann, “Máirtín Bhillí,” 63.

[68] Ó Conchúir, Buailigí Bóthar, 8.

[69] Seosamh Mac Gabhann, “Feallaire,” in Cumhacht na Cuimhne, 50.

[70] Ó Conchúir, Buailigí Bóthar, 20.

[71] Ibid., 22.

[72] Ní Ghairbhí agus McNulty, Patrick Pearse/Drámaí an Phiarsaigh, 315.

[73] Seosamh Mac Gabhann, “Cat na mBróg,” in An Fáinne Óir, 71.

[74] Seosamh Mac Gabhann, “Aithrí an Táilliúra,” in Cumhacht na Cuimhne, 47-63.

[75] Department of Health and Children, Growing Up in Ireland National Longitudinal Study of Children: The Lives of Nine Year Olds Executive Summary (Dublin: The Stationery Office, 2009), 11.