Rapairí agus Réabhlóidithe: Lárnacht an Fhicsin Staire i gClub Leabhar na Sóisear, 1956-1966

Author: Róisín Adams (The Irish Society for the Study of Children's Literature)

“Leis an úrscéal stairiúil a mheas i gceart ní mór é a scrúdú i gcomhthéacs na ré ónar eascair sé,”[1] de réir Bhreandáin Delap. Bíonn dearcadh éagsúil ag gach glúin ar imeachtaí stair a dtíre, agus is féidir linn na dearcthaí seo a ríomh sna cineálacha úrscéalta staire a scríobhtar i dtréimhse ar bith. Ó thaobh na n-úrscéalta staire don aos óg de, tá gné eile a gcaithfear í a chur san áireamh, is é sin, i bhfocail John Stephens: “Writing for children is usually purposeful, its intention being to foster in the child reader a positive apperception of some socio-cultural values which, it is assumed, are shared by the author and the audience.”[2] Breathnófar san alt seo ar an gcineál ficsin staire a bhí á fhoilsiú do dhaoine óga i nGaeilge sa tréimhse idir 1956 agus 1966, an chéad deich mbliana de Chlub Leabhar na Sóisear, club leabhar do dhaoine óga a reáchtáil Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge. Mar a léireofar ar ball, bhí aidhmeanna ag scríbhneoirí na n-úrscéalta staire do dhaoine óga sa tréimhse sin, seachas a bheith ag cur scéalta bríomhara taitneamhacha ar fáil d’aos óg na 1950idí agus na 1960idí.

 

Na 1950idí agus na 1960idí in Éirinn

Tréimhse chorraitheach a bhí sna 1950idí agus sna 1960idí in Éirinn, blianta ina ndearna rialtas na hÉireann iarracht chomhfhiosach an tír a oscailt go heacnamaíoch agus go cultúrtha.[3] Bhain an iarracht seo le polasaithe eacnamaíochta Sheáin Lemass, a bhí mar Thaoiseach ar Éirinn idir 1959 agus 1966, ach bhí baint aici freisin leis an ról ní ba mhó a bhí á ghlacadh ag Éirinn sa pholaitíocht dhomhanda ó thús na 1950idí ar aghaidh. Glacadh le hÉirinn mar bhall de chuid na Náisiún Aontaithe sa bhliain 1955 agus b’Éireannach, F.H. Boland, a ceapadh mar uachtarán ar a gComhthionól Ginearálta i 1960.[4] Ghlac arm na hÉireann páirt i misean síochána i gCongó na hAfraice idir 1960 agus 1964 agus ceapadh Éire mar bhall den Chomhairle Slándála i 1962.[5] Anuas ar na nithe seo rinneadh forbairt mhór ar earnáil turasóireachta na hÉireann ó thús na 1950idí ar aghaidh—mar shampla cuireadh tús leis an Tóstal, féile earraigh, i 1953 chun cuairteoirí a mhealladh go hÉirinn.[6] De réir Diarmaid Ferriter, dúblaíodh líon na dturasóirí a bhíodh ag teacht go hÉirinn sna 1960idí.[7]  

Is sa timpeallacht seo a tháinig Club Leabhar na Sóisear ar an saol sa bhliain 1956, chun daoine óga a spreagadh le leabhair Ghaeilge a léamh go rialta. Gaol sóisir a bhí ann don Chlub Leabhar, a bhunaigh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ocht mbliana ní ba luaithe chun freastal ar léitheoirí fásta, agus a raibh an-rath air ag an am. B’eagraíocht í an Chomhdháil a tháinig ar an bhfód sa bhliain 1943. An phríomhaidhm a bhí aici ná comhordú a dhéanamh ar na heagraíochtaí iomadúla Gaeilge a bhí ann ag an am, sa chaoi go bhféadfaidís cúis na Gaeilge a chur chun cinn go héifeachtach seachas eagraíochtaí éagsúla a bheith ag cur ama agus acmhainní amú “ag treabhadh an ghoirt chéanna.”[8] Díol spéise atá sna daoine a bhí i láthair, de réir Mhairéad Ní Chinnéide, ag an gcomhdháil as ar eascair Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, a reáchtáladh i dTeach an Ard-Mhéara ar an 23 Deireadh Fómhair 1943; ina measc bhí an Taoiseach Éamon de Valera agus Ard-Easpag Bhaile Átha Cliath, an Dr John Charles McQuaid, mar aon le hionadaithe ó na heagraíochtaí éagsúla Gaeilge.[9]

Anuas ar chomhordú a dhéanamh ar eagraíochtaí Gaeilge bhí sé mar aidhm ag an gComhdháil ón tús litríocht agus léitheoireacht na Gaeilge a chur chun cinn, rud a rinne siad trí mheán na gClubanna Leabhar. Théadh an Chomhdháil i dteagmháil le foilsitheoirí éagsúla le fáil amach cérbh iad na leabhair a bhí ar na bacáin acu, dhéanaidís breithniú ar lámhscríbhinní na leabhar sin agus roghnaídís na cinn a bhí oiriúnach, dar leo, don dá chlub éagsúla. An chaoi inar oibrigh Club Leabhar na Sóisear ná go n-íocadh ball óg síntiús ag tús na scoilbhliana, agus chuirtí cúig leabhar nuafhoilsithe amach chuige nó chuici le linn na scoilbhliana sin. Cé go raibh an Club in ainm is a bheith neamhspleách ar na scoileanna, is léir go raibh na leabhair dírithe go príomha ar dhaltaí na meánscoileanna, agus go raibh sé ag brath go mór ar na daltaí sin chun síntiús a ghlacadh leis.

Bhí laigeacht mhór ag Club Leabhar na Sóisear ón tús, agus b’in an mhoill a bhíodh ar fhoilsiú na roghaleabhar. Ba mhinic nach bhfaigheadh na baill óga a gcuid leabhar in am, agus is cosúil go gcuireadh sé sin olc ar mhúinteoirí, ar thuismitheoirí agus ar dhaltaí agus gur mheath an tsuim a bhí acu sa Chlub dá dheasca sin—ní raibh ballraíocht an Chlub riamh chomh hard is a bhí sí ina chéad chúpla bliain ar an bhfód.[10] Bhí buanna ag baint leis an gClub freisin, áfach. Chuir sé margadh seasta ar fáil do na foilsitheoirí príobháideacha Gaeilge a tháinig ar an saol ó na 1940idí ar aghaidh—leithéidí Sháirséal agus Dill, Fhoilseacháin Náisiúnta Teoranta agus Chló Uí Mheára. Bhí na foilsitheoirí seo in iomaíocht leis an nGúm, comhlacht foilsitheoireachta an stáit, ach áit a bhféadfadh an Gúm cailliúintí a sheasamh toisc tacaíocht an rialtais a bheith aige, bhí ar na tithe príobháideacha foilsitheoireachta brabús a dhéanamh i gcónaí chun fanacht ar marthain.

Chuir na foilsitheoirí príobháideacha seo beocht úr i litríocht na Gaeilge, agus i litríocht Ghaeilge na n-óg. Spreag siad raidhse scríbhneoirí nua, nó scríbhneoirí a bhí bréan den Ghúm, chun dul i mbun pinn agus saothair nuachumtha a chur ar fáil don aos óg. Ó na 1940idí ar aghaidh, ní raibh mórán leabhar nuachumtha á bhfoilsiú ag an nGúm do dhaoine óga taobh amuigh de shaothair iomadúla Chathail Uí Shándair. Ba bhisiúil an t-údar é Ó Sándair (foilsíodh 118 leabhar dá chuid idir 1943 agus 1967), agus bhain sé triail as go leor seánraí éagsúla (scéalta bleachtaireachta, scéalta faoi bhuachaillí bó, ficsean staire, etc.), ach is cosúil gur fhág an ráchairt a bhí ar a shaothar nach raibh mórán spéise ag muintir an Ghúim údair eile do dhaoine óga a spreagadh le saothar a fhoilsiú leo. Fágann sé sin gur fearr an léargas a thugann roghaleabhair Chlub Leabhar na Sóisear dúinn ar na 1950idí agus na 1960idí in Éirinn, ná saothair Chathail Uí Shándair, dá líonmhaire iad. Bhí breis agus 25 údar ag scríobh do Chlub Leabhar na Sóisear tar éis an tsaoil, agus is ionadaíche an cuntas a thugann na leabhair sin dúinn, mar sin, ar mheon na tréimhse.

Díreofar san alt seo ar sheánra amháin a raibh tábhacht ar leith ag baint leis sa chéad deich mbliana de Chlub Leabhar na Sóisear, is é sin an ficsean staire. Ghlac an seánra sin ról lárnach sa Chlub ón gcéad lá riamh; b’úrscéalta staire iad an chéad dá leabhar a chuir an Club chuig a bhaill, An tIolar Dubh (1956) le Críostóir Ó Floinn, agus An Lann Tolédo (1956) le hÉamonn Ó Faoláin, agus ní dheachaigh bliain ar bith thart gan ar a laghad úrscéal staire amháin ar liosta an Chlub. Tá dlúthcheangal, mar a thugann Delap le fios, idir na húrscéalta seo agus an ré inar scríobhadh iad, agus dá bharr sin is féidir linn go leor a fhoghlaim faoi shochaí na hÉireann idir 1956 agus 1966, ní hamháin ón mborradh a bhí faoin bhficsean staire Gaeilge don aos óg sa tréimhse sin, ach ó na cineálacha scéalta staire a bhíodh á scríobh, ó na tréimhsí stairiúla lenar bhain siad agus ó na bealaí inar caitheadh leis na cineálacha éagsúla carachtar iontu.

 

Ficsean Staire Chlub Leabhar na Sóisear

Scríobhadh cuid mhaith leabhar faoin ré thubaisteach úd i stair na hÉireann idir 1645 agus 1745, nuair a bhí na péindlíthe i bhfeidhm, agus drochíde á tabhairt do Chaitlicigh na hÉireann. Tá an bhliain 1645 mar chúlra ag Éamonn Ó Faoláin ina leabhar An Lann Tolédo, faoi Eoin Ó Ceallaigh, gé fhiáin i gCabhlach na Spáinne. Is ar na rapairí a dhírigh Críostóir Ó Floinn in An tIolar Dubh agus An tIolar Dubh agus Long na Marbh (1958), Annraoi Ó Liatháin in Claíomh an Díoltais (1961) agus Máirtín Ó Corrbuí in Na Rapairí (1963) agus Rí na gCnoc (1966), a dtarlaíonn na heachtraí iontu ar fad idir 1680 agus 1700. Is éard a bhí sna rapairí (nó sna tóraithe, mar a thugtaí orthu freisin) ná buíonta Gael a d’fhan in Éirinn aimsir na ngéanna fiáine chun na Gaill a thóg a dtailte uathu a chrá.[11] Bhíodh siad ag cur fúthu sna coillte is sna cnoic, agus, mar a dhéanann Ó Floinn cur síos orthu in An tIolar Dubh: “do thagaidís de ráib anuas ó shléibhte uaigneacha […] ag baint díoltais amach ar na Gaill, ag cosaint na ndaoine ar aincheart, agus ag tabhairt ábhar misnigh dóibh san oíche fhada bhrónach a bhí buailte leo.”[12]

Irish Language Children's Books Covers

Thug Seán Ó Mulláin faoi shraith d’úrscéalta staire a scríobh don Chlub faoi Rianaigh Thiobraid Árainn. Luaitear ar chlúdach cúil Cúlú na Rianach (1960), an chéad leabhar sa tsraith, go bhfuil an scéal “bunaithe ar an bhfírinne” agus gur shíolraigh Ó Mulláin féin ó na Rianaigh chéanna. Ina ainneoin sin, is léir gur cumadóireacht atá i bhformhór an scéil agus i bhformhór na scéalta eile a foilsíodh sa tsraith le linn na chéad deich mbliana den Chlub—Muiris Ó Riain Creachadóir (1961), Fíon Uí Dhonnchú (1963) agus Séipéal na Naomh (1966). I ngach imleabhar sa tsraith téitear siar glúin amháin, seachas i gcás Séipéal na Naomh, atá lonnaithe go luath tar éis Fíon Uí Dhonnchú. Is féidir stair mhuintir Uí Riain, agus stair an taoibh sin tíre, a ríomh sna scéalta, mar sin (cé nach stair iomlán iontaofa í). In Cúlú na Rianach caithfidh an teaghlach áitreabh a sinsear, Caisleán na Bíoma, a thréigean agus teitheadh siar nuair a ionsaíonn na Gaill an caisleán agus loisctear go talamh é. In Fíon Uí Dhonnchú, áfach, tá na Rianaigh fós i réim i dTiobraid Árainn, cé go mbíonn achrann idir iad agus na Gaill ó am go chéile. Ní luaitear aon dáta riamh sa tsraith, ach tugtar le fios go dtarlaíonn eachtraí Cúlú na Rianach tar éis phlandáil Chromail.[13]

Is san 18ú céad a tharlaíonn eachtraí Cine Cróga (1964) le Mícheál Ó hOdhráin agus An Smuglaer (1961) le Traolach de Barra. Arís is é misneach na nGael sa troid leanúnach i gcoinne na nGall ábhar an chéad leabhair seo, faoi phobal beag i Maigh Eo atá cráite ag a dtiarna talún agus ag an am céanna atá ag iarraidh a gcuid sagart a cheilt ar na húdaráis. Cé go gcaithfidh an pobal a ndúiche a thréigean agus teitheadh sna sléibhte ag deireadh an leabhair chun éalú ó na Gaill, is bua é ar bhealach mar ní chaithfidh siad cíos a íoc a thuilleadh. Insítear scéal Jim Bhairéad, ógánach, in An Smuglaer, agus é ag cur aithne ar Dhónall Ó Súilleabháin, smuglaer ardnósach atá ag iarraidh fir óga a mhealladh chun teacht leis ag troid sa Fhrainc.

Chinn údair áirithe ar dhíriú ar eachtraí nó ar phearsana ar leith sa stair, seachas scéalta a chumadh faoin tréimhse go ginearálta. Roghnaigh Tarlach Ó hUid éalú Sheáin Mhistéil ón Tasmáin mar ábhar dá scéal Éalú (1961), cé go dtosaíonn an scéal roinnt blianta roimh an eachtra sin. Feictear an scéal trí shúile ógánaigh a chabhraíonn leis an éalú seo seachas trí shúile an Mhistéalaigh, nach bhfuil mórán bainte aige leis an scéal i ndáiríre. Scríobh Annraoi Ó Liatháin faoi Éirí Amach 1798 ina leabhair Pící Loch Garman (1964), agus is iad cath na Bóinne agus léigear Luimnigh a fheictear in Na Rapairí le Ó Corrbuí, a luadh cheana. An dúshlán a bhaineann lena leithéid d’úrscéal staire, mar a mhíníonn Delap, ná nach “mór cumasc cothrom a aimsiú idir an t-ábhar stairiúil agus an plota samhailteach….”[14] Tá sé éasca an plota a chailliúint i measc eachtraí na staire, rud a tharlaíonn, cuir i gcás, in Na Rapairí, agus sa dara leath de Éalú. In Na Rapairí, is beag trácht a dhéantar ar na príomhcharachtair, Éamann “an Chnoic” agus Aodh “Cosa in Airde” Ó hÓgáin, i lár an scéil, toisc go bhfuil an t-údar róghnóthach ag míniú dúinn céard a rinne Pádraig Sáirséal sna blianta idir 1688 agus 1691. Is é bua Annraoi Uí Liatháin in Pící Loch Garman go n-éiríonn leis an dá thrá sin a fhreastal.

 

Irish Language Children's Books Covers

Is ar eachtraí an fichiú haois a dhírigh Mícheál Ó hOdhráin agus Máirtín Ó Corrbuí ina leabhair An Tine Bheo (1965) agus Gaoth na Cuimhne (1958) faoi seach, faoi mar a rinne Éadhmonn Mac Suibhne in Saighdiúir arbh ainm dó Conaí (1964). “Leabhar an-tráthúil” ba ea An Tine Bheo, dar le léirmheastóir Inniu, úrscéal a phléigh le heachtraí Éirí Amach na Cásca, agus a foilsíodh an bhliain roimh an gcomóradh mór caoga bliain i 1966.[15] Tarlaíonn eachtraí Gaoth na Cuimhne i bpobal beag tuaithe le linn Chogadh na Saoirse (1919-1921) nuair a ghabhann na Dúchrónaigh col ceathrair an reacaire go míchothrom agus é ag cosaint dheirfiúr an reacaire. Caitheann an reacaire é féin isteach sa troid ar son na saoirse chun an drochbheart seo a chúiteamh agus chun cabhrú leis an tóraíocht. Is í aimsir na hÉigeandála is suíomh do Saighdiúir arbh ainm dó Conaí le hÉadhmonn Mac Suibhne. Is éard atá sa leabhar seo ná cur síos ar an gcoicís a chaitheann Conaí, Corcaíoch óg, i gcampa traenála na bhFórsaí Cosanta sna 1940idí luatha agus ar na heachtraí éagsúla a bhaineann dó agus é ann.

Níor thug scríbhneoirí Chlub Leabhar na Sóisear neamhaird ar stair ciníocha eile ach oiread. Scríobh Mícheál Ó hOdhráin Ar Son na Treibhe (1964) faoin ngéarleanúint a rinne na Rómhánaigh fadó ar threibh dhúchasach i dtuaisceart na Breataine, cuir i gcás. Ba é Annraoi Ó Liatháin a léirigh an cumas is fearr sa chineál seo scéil, ina chuntais ar dhíothú dhá threibh éagsúla de bhundúchasaigh Mheiriceá—an treibh Cheyenne in Laochra na Machairí (1958) agus an treibh Apache in An Tíogar Daonna (1966).

Ar an iomlán, b’úrscéalta staire iad fiche ceann de na 51 leabhar a d’eisigh Club Leabhar na Sóisear chuig a bhaill óga ina chéad deich mbliana ar an bhfód,[16] agus is suntasach an figiúr é sin.[17] Feictear dom go raibh dhá phríomhchúis le hardréim seo an fhicsin staire ag an am, dhá chúis a d’eascair go soiléir as a raibh ag titim amach in Éirinn sa tréimhse sin, ó thaobh an nua-aoisithe agus an domhandaithe de. Ar dtús, agus súile mhuintir na hÉireann ní ba dhírithe ar an gcoigríoch ná riamh, agus teacht ní b’fhusa ag daoine óga ar irisí, leabhair, scannáin agus cláir theilifíse ó thíortha eile, is cosúil go raibh roinnt daoine buartha nach mbeadh tuiscint cheart ag an nglúin óg ar stair na hÉireann. Scríobh siad go leor scéalta eachtrúla staire dóibh, mar sin, chun a spéis a mhúscailt inti. Tugann ábhar na n-úrscéalta staire le fios, áfach, go raibh aidhm eile ag na húdair chéanna, agus go ndeachaigh siad i dtuilleamaí na staire chun muinín bhreise a thabhairt don ghlúin óg as a dtír agus í ag plé le tíortha eile ar an stáitse domhanda. Rinne siad iarracht a chruthú, le cabhair na staire, nach ag tosú as an nua a bhí Éire na 1950idí agus na 1960idí agus í ag glacadh páirte sa pholaitíocht idirnáisiúnta, ach go raibh seantaithí aici ar a leithéid, agus seanchaidrimh aici le tíortha ar fud an domhain.

 

Spéis a chothú i stair na hÉireann

Áitíonn Delap, agus é ag caint go príomha faoi shaothair do dhaoine fásta, gurbh iad na 1960idí “ardthréimhse shaothrú an úrscéil stairiúil.”[18] Ceanglaíonn sé an saothrú seo le deireadh “ré eitic beannaithe an Ghúim” de thoradh ar bhunú na gcomhlachtaí neamhspleácha foilsitheoireachta, agus leis an nua-aoisiú a bhí ar siúl in Éirinn sna 1960idí freisin.[19] Ba é an nua-aoisiú seo, agus an tuiscint a thug sé leis ar Éirinn mar chuid den domhan mór, a d’athmhúscail spéis mhuintir na hÉireann i stair a dtíre, i gcás na meánaicme go háirithe. Thosaigh idir staraithe, scríbhneoirí agus léitheoirí ag breathnú siar ar an stair ar bhealach ní b’oibiachtúla, ag déanamh athbhreithniú ar na leaganacha de stair na tíre lenar fhás siad féin aníos.[20] Tagann James M. Cahalan leis an anailís seo; dar leisean, “to Irish historical novelists of the early 1960s, it seemed that the Irish past was truly past.”[21] Rud eile a chuir leis an spéis athmhúscailte seo sa stair ná an comóradh mór caoga bliain ar Éirí Amach na Cásca a eagraíodh i 1966. Is don chomóradh sin a chum Eoghan Ó Tuairisc a “s[h]aothar fabhtach” Dé Luain (1966),[22] ceithre bliana tar éis fhoilsiú a úrscéil staire L’Attaque (1962), arbh é “an chéad iarracht chomhfhiosach é ar úrscéal stairiúil, réadúil, cothrom, le castacht na carachtrachta, a shaothrú i nGaeilge.”[23] Bhí a leithéid de scríobh agus d’athbhreithniú na staire Éireannaí ar siúl sa Bhéarla chomh maith ag an am, de réir Cahalan, i saothar Walter Macken agus Iris Murdoch.[24]

Míníonn na gnéithe thuas de na 1960idí an fáth a ndearnadh an t-úrscéal staire do dhaoine fásta a athréimniú sna blianta sin. Ní mhíníonn siad go sásúil, áfach, cén fáth ar thosaigh ardtréimhse an scéil staire Gaeilge do dhaoine óga roimhe sin, i lár na 1950idí. Áitíonn Cahalan gur tréimhse a bhí sna 1950idí nuair a bhí scríbhneoirí Éireannacha meáite ar bhreathnú rompu seachas siar, claonadh a bhí ag teacht leis an “general mood of the country during this period.”[25] Is léir nach fíor sin, áfach, i gcás na n-úrscéalta staire do dhéagóirí a foilsíodh mar chuid de Chlub Leabhar na Sóisear, mar tosaíodh ar shaothrú an tseánra sin sa bhliain 1956, leis an gcéad leabhar a eisíodh, An tIolar Dubh. Ón mbliain sin ar aghaidh, tháinig úrscéalta staire go rialta ó scríbhneoirí Chlub Leabhar na Sóisear, mar a léiríodh thuas. Conas a tharla sé gur thosaigh an claonadh seo i dtreo an úrscéil staire do dhaoine óga dornán blianta sular thosaigh sé i gcás an úrscéil staire do dhaoine fásta?

Is ag Brian Fallon atá freagra na ceiste sin, is cosúil. Míníonn Fallon gur rímhinic a cheiliúrtar rachmas, dul chun cinn agus forás na 1960idí in Éirinn, agus go ndéantar dearmad nach raibh sna blianta sin ach toradh ar athruithe tábhachtacha ar cuireadh tús leo sna 1950idí: “The Fifties were in every way a watershed, in which an entire epoch ended and the modern one emerged. This is not, perhaps, fully understood yet, because the Sixties—in retrospect, a less gifted, less substantial age—have claimed much of the credit for Ireland’s supposed quantum leap in to modernity.”[26] Cé nach ndeachaigh na hathruithe móra seo a bhí tagtha ar shochaí na hÉireann i bhfeidhm go suntasach ar litríocht Ghaeilge do dhaoine fásta go dtí na 1960idí, tá a rian le feiceáil ar litríocht Ghaeilge do dhaoine óga ó 1956 ar aghaidh.

Ní hionann na húrscéalta staire a bhí á scríobh ag an am sin do dhaoine fásta, áfach, agus iad siúd a bhí á scríobh do Chlub Leabhar na Sóisear. Bhí na scríbhneoirí do dhaoine fásta ag iarraidh athbhreithniú a dhéanamh ar stair na hÉireann, agus a léitheoirí a chur ag athsmaoineamh ar na leaganacha oifigiúla den stair sin. Níorbh amhlaidh d’fhormhór na scríbhneoirí a bhí ag plé le Club Leabhar na Sóisear. Má chuir L’Attaque Uí Thuairisc deireadh le “ré mhaíteach shaonta na ridirí” in úrscéalta staire na Gaeilge do dhaoine fásta i 1962,[27] bhí an ré sin fós beo beathach i litríocht Ghaeilge na n-óg.

Ní gá ach breathnú ar an gcur síos maoithneach simplí a dhéantar ar eachtraí agus ar phearsana Éirí Amach na Cásca in An Tine Bheo le Mícheál Ó hOdhráin, agus ar an gcur síos casta machnamhach a dhéantar ar na heachtraí agus na pearsana céanna in Dé Luain Uí Thuairisc, chun an difear idir an ficsean staire d’óg agus d’aosta a aithint. Agus Piarsach Uí Odhráin ar chéimeanna Ard-Oifig an Phoist agus é ag léamh amach fhorógra na Cásca, é “ag breathnú uaidh mar a bheadh sé ag dearcadh amach thar chloigne an tslua ar radharc iontach nár léir d’aon duine ach dó féin,”[28] deirtear linn go dtiteann tost ar an lucht éisteachta patuar “mar a bheadh a fhios acu go raibh rud éigin ríthábhachtach ar tí titim amach.”[29] Tá an tost céanna luaite i saothar Uí Thuairisc, ach is éagsúil ar fad an t-atmaisféar a chruthaíonn sé, agus an Piarsach cráite ag a éiginnteacht féin faoin Éirí Amach, faoin gcríoch a bheidh air agus faoi dhearcadh mhuintir na hÉireann ar an rud ar fad:

Ciúnas. Ní thógtar gáir, is mór an scamall an tost […]. Ní chorraíonn siad, ní thuigeann, ní slua sochraide é seo ach slua na sráide a bailíodh de thimpiste na hAiséirí, ag éisteacht. Téann an sceimhleadh tuisceana go beo ionam, mar bhior. Ar son na Saoirse […] Tiocfaidh dochar agus díobháil de dheasca ghníomh seo an ghrá. Is teimheal dom an tost.[30]

Níor chomhtharlú é, áfach, gur tháinig borradh faoin bhficsean staire Gaeilge d’idir óg agus aosta thart ar an am céanna, in ainneoin na ndifríochtaí móra seo. Bhí an bunús céanna leis an dá bhorradh—an t-athrú a bhí ag teacht ar Éirinn ag an am—ach go raibh dhá thoradh éagsúla air. Tugann nóta Annraoi Uí Liatháin ag tús Pící Loch Garman leid dúinn faoin bhfáth ar scríobh údair Chlub Leabhar na Sóisear an oiread sin úrscéalta staire idir 1956 agus 1967. Scríobh Ó Liatháin:

I bhFORÓGRA NA POBLACHTA mheabhraigh cinnirí an Éirí Amach dúinn gur dhearbhaigh gach glúin Éireannach a ceart ar shaoirse agus ar cheannas náisiúnta: gur dhearbhaigh siad faoi airm é sé huaire laistigh de thrí chéad bliain.

Tá glúin Éireannach thuas anois a rugadh saor. Agus a haghaidh iompaithe ar an Eoraip aici níor mhiste di gan dearmad a dhéanamh ar an stró a d’fhulaing a seacht sinsear roimpi do ghnóthú na saoirse agus do chaomhnú an náisiúin.[31]

Tá an brollach seo ag teacht le míniú Delap agus Cahalan ar an mborradh a tháinig faoin úrscéal staire sna 1960idí, .i. mar thoradh ar an nua-aoisiú agus an domhandú. Spreag na nithe sin daoine fásta chun breathnú siar ar a stair féin le teacht ar thuiscint ar ról na hÉireann sa domhan mór.[32] Is léir ó bhrollach Pící Loch Garman, áfach, nach raibh an spéis chéanna á spreagadh i ndaoine óga, nó b’fhéidir gur measadh nach spreagfaí í mura ndearnadh iarracht ar leith chun í a spreagadh. Bhí Éire ag athrú go tapa, agus bhí glúin nua ag fás aníos a raibh tionchar ní ba mhó ná riamh ag an domhan mór uirthi. Cuireadh úrscéalta staire ar fáil don ghlúin seo sa chaoi nach ndéanfadh siad dearmad ar stair achrannach a dtíre, in ainneoin na n-athruithe móra a bhí ag teacht ar an saol in Éirinn, agus go mbeadh siad mórtasach as an stair sin. Tá tiomnú Uí Odhráin in Cine Cróga ag teacht leis seo: “Do Bhríd bheag ghealgháireach—le súil go mbeidh sí bródúil as a cine cróga—an leabhar seo.”[33]

Fonn chun spéis i stair na hÉireann a chothú agus chun bród cine agus tírghrá a mhúscailt i léitheoirí óga na 1950idí agus 1960idí ba bhunús le húrscéalta staire Chlub Leabhar na Sóisear, mar sin. Chuige sin leag formhór na n-údar béim mhór ar an eachtraíocht sna scéalta, agus ar laochas na nGael, ar mhaithe le scéalta spreagúla taitneamhacha a chur ar fáil. Is mion minic a fhaightear léiriú aontoiseach ar an bpríomhachrann i bhformhór na leabhar, dá bharr—is é sin, an t-achrann idir na Gaeil agus na Gaill. Is féidir an léiriú aontoiseach seo a fheiceáil go háirithe sna leabhair a phléann leis an tréimhse idir 1645 agus 1745 in Éirinn, cuir i gcás na leabhair a scríobh Seán Ó Mulláin, Máirtín Ó Corrbuí, Críostóir Ó Floinn, Annraoi Ó Liatháin agus Éamonn Ó Faoláin atá lonnaithe sa tréimhse sin. Ní hamháin gurb iad na Gaeil úinéirí dlisteanacha na talún in Éirinn sna húrscéalta seo, ach is dream iad chomh maith a bhfuil prionsabail agus mórálacha láidre ag baint leo. In ainneoin na héagóra a dhéanann na Gaill orthu, tá onóir agus trócaire i ngníomhartha na Rianach i sraith Uí Mhulláin, cuir i gcás. Is é an tsíorchomhairle a chuireann Sean-Mhuiris ar mhic óga a nia in Cúlú na Rianach ná “ná maraigh aon duine gan gá,” comhairle a gcloíonn na Gaeil eile sa scéal léi chomh maith.[34] Tá na prionsabail chéanna ag Eoin Ó Ceallaigh in An Lann Tolédo, nach ligeann a choinsias dó a namhaid a mharú,[35] agus ag Iolar Dubh Uí Fhloinn a scaoileann a naimhde saor ag deireadh An tIolar Dubh agus Long na Marbh gan iad a ghortú.[36]

Ní hiad na rapairí agus na Gaeil de shliocht uasal amháin a thuilleann meas an léitheora sna leabhair seo, áfach. Déantar tagairt go minic iontu freisin do ghníomhartha cróga na hísealaicme atá faoi chois ag na Gaill, a chabhraíonn leis na rapairí chun buille a bhualadh ar son na hÉireann. In Rí na gCnoc, cuir i gcás, cabhraíonn seirbhísigh an tiarna talún Huxley leis na rapairí éalú ó charcair Huxley. Deir an reacaire linn: “Ba Ghaeil cuid mhaith díobh, agus má bhí orthu bheith umhal úiríseal féin, d’fhan siad dílis dá dtír agus dóibh siúd a bhí ag iarraidh buille a bhualadh ar a son.”[37] I scéalta Uí Fhloinn is farairí dílse iad cosmhuintir Luimnigh don Iolar Dubh, a chuireann scéala chuige nuair a tharlaíonn nithe a mbeadh spéis aige iontu thart ar an gcathair. In An tIolar Dubh, deirtear linn gur “gheall le spiairí ag fiosrú ar son an Iolair formhór na nGael i gcathair Luimní agus sa dúthaigh máguaird. Agus ba mhinic a d’éalaigh an tIolar agus a bhuíon as gaistí na nGall trí chabhair na ndaoine.”[38] Leagtar níos mó béime ar an gcabhair seo in An tIolar Dubh agus Long na Marbh, nuair a dhearbhaítear: “Na súile géara a chonaic an long sin ag teacht aniar ón bhfarraige, na marcaigh a thug an scéal ó theach go teach fan na habhann, bhí a gcion á dhéanamh acu sa troid a bhí á fhearadh ag buíon an Iolair Dhuibh in aghaidh na nGall.”[39] An chúis a ndéantar an oiread sin suntais den bhá atá ag na gnáthdhaoine leis na Gaeil atá ag troid i gcoinne na nGall ná gur sin an bhunchloch ar a bhfuil laochas na gcarachtar Gaelach tógtha. Ní hamháin go bhfuil siad ag troid ar son na talún a baineadh díobh, ach tá siad ag troid ar son na ngnáthdhaoine freisin, a bhfuil cos ar bolg á imirt ag a máistrí gallda orthu.

Is beag uaisleacht, trócaire ná prionsabal a bhaineann leis na Gaill, mar a léirítear iad i leabhair Chlub Leabhar na Sóisear. Cé nach ngortaíonn Gaeil Uí Mhulláin duine ar bith gan ghá, ní hionann a nósanna agus nósanna na gcarachtar gallda. Nuair a éalaíonn muintir Uí Riain ó na Gaill trí thollán rúnda i gCaisleán na Bíoma in Cúlú na Rianach, loisceann na Gaill an foirgneamh go talamh, in ainneoin go bhfuil Gaeil fós beo taobh istigh de.[40] Is í barbarthacht na nGall i bhfuadach agus i ndíol Gael mar sclábhaithe thar lear ábhar An tIolar Dubh agus Long na Marbh. Tá ógánaigh á bhfuadach thart ar chathair Luimnigh agus déanann buíon an Iolair Dhuibh an fuadach seo a fhiosrú. Sa deireadh, dealraítear gurb é Philip Merton, rialtóir Luimnigh, atá taobh thiar de. Tá conradh aige leis an Iarla Rockford, Gall atá tar éis tailte a fháil sna hIndiacha Thiar, chun sclábhaithe a sholáthar dó. Sábhálann an tIolar Dubh an 120 ógánach a bhí le cur siar, ach mar a luadh thuas ní ghortaíonn sé na Gaill a bhí ar garda, ach scaoileann saor iad nuair atá na hógánaigh saor.

Tá cineál amháin Gaill nach léirítear mar thíoránach gan trócaire ná mar dhúnmharfóir barbartha i scéalta Chlub Leabhar na Sóisear, agus is é sin an Gall a bhfuil bá aige/aici le cás na nGael, agus a thuigeann nár chóir do na Gaill a bheith in Éirinn in aon chor. Is Gaill den chineál seo iad an Ceannphort Smyth in úrscéalta Uí Fhloinn agus Sir John Streete in Claíomh an Díoltais le Ó Liatháin. Is Gaill mheánaosta chiallmhara an bheirt charachtar seo, a bhfuil bá acu leis na Gaeil, agus nach maith leo an chruálacht agus an bharbarthacht a bhaineann le formhór a gcomhthíreach féin. Admhaíonn Streete go neamhbhalbh ag tús Claíomh an Díoltais, cuir i gcás, nach “raibh sé de cheart againne, Sasanaigh, cur isteach riamh oraibhse. Tuigim sin anois.”[41] Níos déanaí sa scéal nuair a chuireann an Coirnéal Hantley mídhílseacht i leith teaghlach Gaelach, na Faolánaigh, is é freagra Streete: “Bímis macánta linn féin, Hantley. Níorbh é mídhílseacht na bhFaolánach ach ár n-amplacht féin a chuir ar nós conairte ar a dtóir sinn. In ainm an Rí, in ainm an dlí a dheineamar an slad. Ní raibh ann, ámh, ach slad ar mhaithe linn féin.”[42]

Tugtar cuntas níos ionraice ar an stair sna húrscéalta a scríobhadh faoi eachtraí an fichiú haois, toisc, is dócha, gur fearr an cur amach a bheadh ag léitheoirí Chlub Leabhar na Sóisear ar an tréimhse sin. Ní cheiltear, cuir i gcás, go raibh Éireannaigh ann a bhí i gcoinne Éirí Amach na Cásca agus Chogadh na Saoirse in An Tine Bheo Uí Odhráin agus Gaoth na Cuimhne Uí Chorrbuí. Ag an am céanna, áfach, léirítear go soiléir nach raibh an ceart ag na hÉireannaigh a raibh na tuairimí sin acu. In An Tine Bheo, tugtar le fios tríd síos sa téacs go dtiocfaidh athrú poirt ar na daoine atá i gcoinne an Éirí Amach, agus de réir a chéile go dtuigfidh siad an íobairt mhór atá á déanamh ar a son. Nuair a chuireann neamhshuim mhuintir Bhaile Átha Cliath lagmhisneach ar Dhara, an príomhcharachtar, deirtear leis: “Cruthóidh siad a ndílseacht lá níos faide anonn nuair a thuigfeas siad céard a tharla anseo inniu.”[43] Níl Ó Corrbuí chomh mórintinneach ina chur síos orthu siúd atá i gcoinne na réabhlóidithe Éireannacha in Gaoth na Cuimhne, áfach. Cé gur féidir leis bá éigin a léiriú do na Protastúnaigh a thugann “cúl le cine” agus a imíonn ag troid sa Chogadh Mór, toisc go bhfuil siad dallta ag an oideachas a fuair said,[44] níl aon mhaithiúnas aige do na Caitlicigh a fheallann ar a muintir in Éirinn. Labhraíonn an reacaire faoin “nós a bhí ann an uair sin—an folt a bhaint de chailín ar bith a bheadh róchairdiúil leis na póilíní nó na Dúchrónaigh”, agus tá sé go hiomlán i bhfabhar an nóis sin. Caithfear, a deir sé, “ceacht a mhúineadh dóibh.”[45] Mar sin, in ainneoin go léirítear sa dá leabhar seo go raibh ní ba mhó ná dearcadh amháin ag muintir na hÉireann ar eachtraí polaitiúla 1916 agus 1919-1921, is ríléir cén dearcadh ba chóir a bheith ag léitheoir óg na 1960idí agus é/í ag breathnú siar orthu.

Eisíodh dhá úrscéal eisceachtúla staire chuig baill Chlub Leabhar na Sóisear ina chéad deich mbliana, áfach, ina ndéantar iarracht cuntas níos fírinní agus níos casta a thabhairt ar stair na hÉireann—An Smuglaer le Traolach de Barra agus Pící Loch Garman le hAnnraoi Ó Liatháin. Is iad na Gaill na naimhde fós sna húrscéalta seo, gan aon amhras, ach ní toisc gur drochdhaoine go smior iad agus gur dea-dhaoine iad na hÉireannaigh, ach toisc gur leis na hÉireannaigh Éire, agus nár chóir do na Gaill a bheith i gceannas uirthi. Sna scéalta seo léirítear nach bhfuil na Gaeil uile chomh híonghlan agus chomh hinmholta is a dhéantar iad a léiriú sna húrscéalta eile staire a foilsíodh do Chlub Leabhar na Sóisear, ach gur daoine iad a bhfuil idir shuáilcí agus duáilcí acu, mar an gcéanna lena naimhde.

Agus é ag scríobh faoin gcineál leabhar ar chóir a bheith á chur ar fáil do pháistí Shaorstát Éireann siar sa bhliain 1927, scríobh S. J. Brown: “Our young people will learn time enough, if properly taught, to take a more judicial view of the past and the present than they might gather from patriotic literature. But knowledge should first come on a warm wave of enthusiasm. It will have time enough to cool down.”[46] Is léir go raibh cuid den mheon sin fós ann idir 1956 agus 1966, agus údair éagsúla ag scríobh ficsean staire do Chlub Leabhar na Sóisear. I gcodarsnacht leis an athbhreithniú a bhí á dhéanamh ar an stair, agus ar phearsana stairiúla, i leabhair do dhaoine fásta, bhíothas ag cur imeachtaí staire na hÉireann os comhair daoine óga mar scéalta eachtraíochta aontoiseacha. Rinneadh a mhór de laochas agus de mhoráltacht na rapairí agus na réabhlóidithe Éireannacha, agus léiríodh formhór mór na Sasanach mar naimhde bradacha barbartha. Rinneadh amhlaidh ar mhaithe le tírghrá a chothú sa ghlúin óg, ach chomh maith leis sin ar mhaithe le scéalta bríomhara eachtraíochta a chur ar fáil dóibh, a mhúsclódh a spéis i stair na hÉireann.

 

Ról na hÉireann sa domhan mór

Mar a luadh ag tús an ailt seo, ó na 1950idí ar aghaidh thosaigh rialtas na hÉireann ag glacadh páirt ní ba mhó sa pholaitíocht idirnáisiúnta, ag glacadh ballraíochta sna Náisiúin Aontaithe, cuir i gcás, agus ag cur Arm na hÉireann chun an Chongó ar mhisean síochána. Téama ríshuntasach in úrscéalta staire Chlub Leabhar na Sóisear ná lánchumas na hÉireann a háit a ghlacadh i measc thíortha eile an domhain, agus bealach tábhachtach inar cuireadh an téama seo in iúl ná trí chruthú nach ag tosú as an nua a bhí Éire, agus cuimilt aici le tíortha eile, ach gur ag tógáil ar sheanchaidrimh a bhí ann leis na céadta bliain a bhí sí. Ní téama é seo a bhain le húrscéalta staire an Chlub amháin, áfach—tá sé le feiceáil go forleathan sna seánraí ar fad a d’eisigh sé. Is cosúil go raibh cuid mhór d’údair Chlub Leabhar na Sóisear meáite ar íomhá d’Éirinn a chur chun cinn mar thír a raibh tábhacht ar leith ag baint léi go hidirnáisiúnta, ar mhaithe le muinín a thabhairt d’aos óg na tíre le linn bhlianta corraitheacha na 1950idí agus na 1960idí.

Is ar an sean-nasc idir Éirinn agus tíortha Caitliceacha na hEorpa, go háirithe an Spáinn agus an Fhrainc, a dhírítear i bhformhór na n-úrscéalta staire. In An Lann Tolédo, cuir i gcás, tá an ghé fhiáin Eoin Ó Ceallaigh ina chaptaen i gCabhlach na Spáinne sa bhliain 1645. Ag tús an scéil tá comórtas pionsóireachta ar siúl in Tolédo, agus is í an Lann Tolédo, claíomh atá an-luachmhar agus an-tábhachtach don Spáinn, atá mar dhuais. Tá díomá an domhain ar na Spáinnigh nuair atá an chuma ar an scéal gur ag Albanach, Ian Mac Iain, a bheidh an bua. Deirtear linn go bhfuil “brón ar Eoin freisin. Ba dhíomá mhór dó an churadhmhír a bheith buaite ag Albanach. Chonaic sé tuar ann don Spáinn san am a bhí le teacht.”[47] Níl an lá caillte, áfach. Impíonn na Spáinnigh ar Eoin, Éireannach, dúshlán an Albanaigh a thabhairt. Tá drogall ar Eoin ar dtús, ach ansin cuimhníonn sé “ar an seanchairdeas idir an Spáinn agus a thír dhúchais féin” agus déanann sé rud orthu.[48] Tá an bua aige agus tá ríméad ar na Spáinnigh uile nach mbeidh an Lann Tolédo i lámh namhad, ach i lámh carad.

Is i leabhar nach úrscéal staire é, mar a tharlaíonn, a mhínítear go ríshoiléir an seanchaidreamh idir Éirinn agus an Spáinn, is é sin Gleann na Síre (1962) le Mícheál Ó Corrbuí, scéal faoi bheirt deartháireacha óga Spáinneacha a thagann go hÉirinn mar chuid d’fhoireann iascaireachta. Is mór an t-áthas atá ar Pedro agus ar Ramón agus iad ag druidim le hÉirinn. Tá cion ar leith acu ar an tír toisc go bhfuil fuil Éireannach iontu agus toisc go mbíonn a seanmháthair i gcónaí ag insint dóibh faoi Éirinn agus faoin ngaol láidir atá idir Éireannaigh agus Spáinnigh. Deir Pedro, an reacaire, linn:

Cé nach bhfaca sí an tír sin riamh bhí grá aici di mar bhí fuil Ghaelach ina cuislí, dúirt sí [...] ní bhíodh uainn ach scéalta a chloisteáil: Gaeil chróga a thuill clú agus cáil dóibh féin in arm na Spáinne, agus Spáinnigh a chuaigh trasna na farraige ag fóirthint ar Ghaeil in am an ghátair; fir óga ag teacht chuig Salamanca ar thóir an léinn a séanadh orthu sa bhaile; fíon dearg na Spáinne á chur i dtír faoi cheilt ar chóstaí uaigneacha na hÉireann in ainneoin a naimhde; b’shin an saghas seanchais a bhí uainne; agus nuair a d’éiríodh linn an tseanbhean a mhealladh ó bheith ag caint ar a sinseanmháthair féin, Mór Ní Cheallaigh, a phós Ricardo de Cetina fadó fadó, d’insíodh sí na scéalta sin dúinn.[49]

Is soiléir san achoimre seo ar stair an chaidrimh idir Éirinn agus an Spáinn go raibh Ó Corrbuí, fear a scríobh trí cinn de na húrscéalta staire a d’eisigh Club Leabhar idir 1956 agus 1966, go mór ag iarraidh a léiriú go raibh gaol ar leith idir an dá thír sin, gaol a bhí bunaithe ar na céadta bliain den dá thír a bheith ag cabhrú lena chéile in am an ghátair.

Leagtar béim ar an gcaidreamh céanna in úrscéal eachtraíochta de chuid Dheasúin Bhreatnaigh, An Fáinne Arabach (1960). Agus é ar an mbád ón Spáinn go dtí an Táinséir ag lorg a dhearthár, casann Éireannach óg, Cormac Ó Conghaoile, ar Spáinneach cairdiúil agus tosaíonn sé ag comhrá leis. Fiafraíonn an Spáinneach de Chormac an Poncánach é, toisc Béarla a bheith aige. Nuair a fhreagraíonn Cormac gur Éireannach é, tá ríméad ar an Spáinneach agus deir sé “Irlanda! […] Pais Catolico! Nach daingean an ceangal riamh idir an dá thír!”[50] Tosaíonn Cormac ag spochadh as an Spáinneach, ag caint ar an gcaoi ar chlis na Spáinnigh ar na hÉireannaigh ag Cath Chionn tSáile, ach ansin admhaíonn sé gur “mór atáimid faoi chomaoin agaibh [Spáinnigh] mar gheall ar Shalamanca agus a liacht rudaí eile.”[51] Is é freagra an Spáinnigh go gcaithfidh “na tíortha Caitliceacha seasamh le chéile!”[52]

Déantar an rud céanna leis an gcaidreamh idir Éirinn agus an Fhrainc, sna húrscéalta staire atá suite ag deireadh an 17ú céad agus san 18ú céad go háirithe. Ag deireadh na scéalta An tIolar Dubh agus Long na Marbh, Claíomh an Díoltais agus An Smuglaer fágann na príomhcharachtair Éire chun dul chun na Fraince, mar a bhfuil na sluaite Éireannach ag troid in arm na tíre sin. In Claíomh an Díoltais deirtear gurb í an Fhrainc “...an t-aon áit amháin ar domhan ina bhféadfadh Éireannach bheith saor” ag an am.[53] Tá ríméad ar Dhónal in An Smuglaer agus iad ag fágáil na hÉireann mar is í an Fhrainc, dar leis “[d]tír an dóchais,” an “tír is cumhachtaí, is airde réim de thíortha an domhain!”[54] In Cine Cróga pléitear an “dlúthcheangal” atá idir Éirinn agus an Fhrainc “le fada an lá….”[55] Sna tagairtí uile seo bhí scríbhneoirí Chlub Leabhar na Sóisear ag iarraidh a léiriú dá léitheoirí nár rud nua é cuimilt a bheith ag Éireannaigh leis an domhan mór. Bhí stair ríthábhachtach aici le tíortha Caitliceacha na hEorpa, agus go háirithe leis an Spáinn agus leis an bhFrainc.

Is casta an chaoi ina léirítear an caidreamh idir Éirinn agus Meiriceá Thuaidh i bhficsean staire Chlub Leabhar na Sóisear. In Laochra na Machairí, cuntas sa tríú pearsa ar dhíothú na treibhe Cheyenne i Meiriceá Thuaidh, déanann Ó Liatháin iarracht dhá thrá a fhreastal. Ar láimh amháin, déanann sé iarracht aird an léitheora a tharraingt ar an ról a bhí ag muintir na hÉireann i bhforbairt na Stát Aontaithe, ag tógáil iarnród agus ag troid in arm Mheiriceá. Ar an láimh eile déanann sé iarracht bá a spreagadh sa léitheoir leis an treibh Cheyenne a ndearnadh éagóir ollmhór orthu—“[f]ir agus mná go mba mhó acu an tsaoirse ná aon ní eile ar an saol seo. Fir agus mná a bhris a neart is a d’éag ar son na Saoirse.”[56] Tagann an dá iarracht seo salach ar a chéile, go pointe, mar léiríonn Ó Liatháin go raibh roinnt mhaith Éireannach páirteach i ndíothú na Cheyenne.[57] Sheachain Ó Liatháin an fhadhb seo in An Tíogar Daonna, a scríobh sé sa chéad phearsa ó pheirspictíocht Geronimo, ceannaire na treibhe Apache. Músclaítear bá go héifeachtach sa léitheoir leis an bhfear misniúil bródúil seo, atá sáinnithe i dtearmann ag deireadh a shaoil, a mhuintir díothaithe agus na fir gheala á chrá. Sheachain Ó Liatháin aon tagairt d’Éirinn nó d’Éireannaigh sa leabhar seo trí Geronimo a úsáid mar reacaire seachas reacaire uilefhiosach a bheith aige.  

 

Conclúid

Trína n-úrscéalta staire agus trína leabhair i seánraí eile, rinne scríbhneoirí Chlub Leabhar na Sóisear sáriarracht a chur ina luí ar a léitheoirí óga nár rud nua a bhí i gcuimilt na hÉireann leis an domhan mór, agus a chruthú go raibh muintir na hÉireann go hiomlán in ann do na hathruithe a bhí ag teacht ar shochaí na hÉireann sna 1950idí agus na 1960idí. Ag an am céanna, léiríonn lárnacht an fhicsin staire sa Chlub gur mheas cuid mhaith dá scríbhneoirí go raibh gá fós le tuiscint a bheith ag an aos óg ar scéal a muintire, in ainneoin na bhforbairtí nua timpeall orthu. Díol mór spéise é go bhfuil sé seo le feiceáil go leanúnach in idé-eolaíocht na n-údar a bhíodh ag scríobh do Chlub Leabhar na Sóisear. Léiríonn sé freisin gur tuigeadh go forleathan i measc phobal na Gaeilge faoin am sin gur uirlis chumhachtach í litríocht na n-óg i múnlú tuiscintí agus tuairimí daoine óga.

 

[1] Breandán Delap, Úrscéalta Stairiúla na Gaeilge (Baile Átha Cliath: An Clóchomhar Tta, 1993), 11.

[2] John Stephens, Language and Ideology in Children’s Fiction (London: Longman Group UK Limited, 1992), 3.

[3] Ciara Ní Bhroin, “Forging National Identity: The Adventure Stories of Eilís Dillon,” in Studies in Children’s Literature 1500-2000, eds. Celia Keenan and Mary Shine Thompson (Dublin: Four Courts Press, Ltd., 2004), 113.

[4] Brian Fallon, An Age of Innocence: Irish Culture 1930-1960 (Dublin: Gill & MacMillan, 1999), 9; Diarmaid Ferriter, The Transformation of Ireland 1900-2000 (Great Britain: Profile Books, Ltd., 2005), 577.

[5] Ferriter, Transformation, 577.

[6] Terence Brown, Ireland: A Social and Cultural History 1922-2002. (London: Harper Perennial, 2004), 224.

[7] Ferriter, Transformation, 542.

[8] Mairéad Ní Chinnéide, “Buaiceanna na Comhdhála,” Comhar (Lúnasa 2014): 20.

[9] Ibid., 20.

[10] De réir tuarascála a scríobh Donncha Ó Laoire, rúnaí Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, i mí Dheireadh Fómhair 1964, bhí 3,200 ball ag Club Leabhar na Sóisear i rith na scoilbhlianta 1956/57 agus 1957/58, ach ní raibh ach thart ar 2,000 ball aige faoi 1964; féach Cáipéisí neamhchatalógaithe Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Cuntas 6878, Bosca 10, Leabharlann Náisiúnta na hÉireann. Níl na figiúirí seo ag teacht go díreach leo siúd atá ag Cian Ó hÉigeartaigh agus Aoileann Nic Gearailt, ach tá an pátrún céanna le sonrú iontu; féach Cian Ó hÉigeartaigh agus Aoileann Nic Gearailt, Sáirséal agus Dill 1947-1981: Scéal Foilsitheora (Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht, 2014), 137-38.

[11] Sean O’Callaghan, To Hell or Barbados: The Ethnic Cleansing of Ireland (Dingle: Brandon, 2000), 55-64.

[12] Críostóir Ó Floinn, An tIolar Dubh (Baile Átha Cliath: Sáirséal agus Dill, 1956), 26.

[13] Seán Ó Mulláin, Cúlú na Rianach (Aonach Urmhumhan: Cló Uí Mheára, 1960), 8.

[14] Delap, Úrscéalta Stairiúla, 165.

[15] “Leabhair don Nollaig,” Inniu, 17-24 Nollaig 1965.

[16] D’eisigh Club Leabhar na Sóisear sé leabhar chuig na baill le linn na scoilbhliana 1956/57, ach níor cuireadh An Lann Tolédo (1957) le hÉamonn Ó Faoláin ach chuig na buachaillí, agus níor cuireadh Eachtra san Iarthar (1957) le Bláithín Nic Chnáimhín ach chuig na cailíní. Is cosúil go raibh sé i gceist ag an gClub é seo a dhéanamh ó am go chéile, leabhar amháin a chur chuig na cailíní sa Chlub agus leabhar eile a chur chuig na buachaillí, ach ba é seo an t-aon uair a tharla sé. Ní haon ionadh é sin, áfach—bhíodh go leor deacrachtaí ag an gClub ag iarraidh cúig leabhar a eisiúint gach scoilbhliain, gan a bheith ag iarraidh ceann sa bhreis a eisiúint gan ghá.

[17] As an 31 leabhar eile a eisíodh, ba scéalta bleachtaireachta sé cinn acu, ina measc Réics Carló i gCorcaigh (1957) le Cathal Ó Sándair, Eachtra Nollag (1960) le Tarlach Ó hUid agus Ruathar Anall (1962) le hEoghan Ó Grádaigh. Scéalta eachtraíochta a raibh taisteal thar lear mar chuid díobh a bhí i ndeich gcinn eile, cuir i gcás An Fáinne Arabach (1960) le Deasún Breatnach, An tÓrchiste Mallaithe (1961) le Dónall Mac Amhlaigh agus Sláinte an Domhain (1965) le Donach de Róiste. Bhí an chuid is mó de na leabhair eile lonnaithe in Éirinn, seachas trí shaothar neamhfhicsin: Dominic Savio: Déagóir Dé (1960), beathaisnéis le Máirtín Ó Corrbuí; Rícheol agus Rómánsaíocht (1963), cuntas ar shaothar agus ar bheatha cúigear mórchumadóirí le Gearóid Mac an Bhua; agus Idir Huron agus Hudson (1965), cuntas le Brian Ó Baoill ar thréimhse a chaith sé i gCeanada.

[18] Delap, Úrscéalta Stairiúla, 127.

[19] Ibid., 70-71.

[20] Ibid., 164.

[21] James M. Cahalan, Great Hatred, Little Room: The Irish Historical Novel (Dublin: Gill and Macmillan Ltd, 1983), 156.

[22] Delap, Úrscéalta Stairiúla, 72.

[23] Ibid., 163.

[24] Cahalan, Great Hatred, Little Room, 155-175.

[25] Ibid., 155.

[26] Fallon, Age of Innocence, 257.

[27] Delap, Úrscéalta Stairiúla, 78.

[28] Mícheál Ó hOdhráin, An Tine Bheo (Baile Átha Cliath: Foilseacháin Náisiúnta Teoranta, 1965), 32.

[29] Ibid., 32.

[30] Eoghan Ó Tuairisc, Dé Luain (Baile Átha Cliath: Allen Figgis, 1966), 220.

[31] Annraoi Ó Liatháin, Pící Loch Garman (Baile Átha Cliath: Sáirséal agus Dill, 1964), 3.

[32] Delap, Úrscéalta Stairiúla, 71.

[33] Mícheál Ó hOdhráin, Cine Cróga (Baile Átha Cliath: Foilseacháin Náisiúnta Teoranta, 1964), 4.

[34] Ó Mulláin, Cúlú na Rianach, 17, 86.

[35] Éamon Ó Faoláin, An Lann Tolédo (Baile Átha Cliath: Sáirséal agus Dill, 1957), 12.

[36] Críostóir Ó Floinn, An tIolar Dubh agus Long na Marbh (Baile Átha Cliath: Sáirséal agus Dill, 1958), 140.

[37] Máirtín Ó Corrbuí, Rí na gCnoc (Baile Átha Cliath: Clódhanna Teoranta, 1966), 38.

[38] Ó Floinn, An tIolar Dubh, 26-27.

[39] Ó Floinn, An tIolar Dubh agus Long na Marbh, 72.

[40] Ó Mulláin, Cúlú na Rianach, 51.

[41] Annraoi Ó Liatháin, Claíomh an Díoltais (Baile Átha Cliath: Sáirséal agus Dill, 1961), 15.

[42] Ibid., 72.

[43] Ó hOdhráin, An Tine Bheo, 33.

[44] Máirtín Ó Corrbuí, Gaoth na Cuimhne (Aonach Urmhumhan: Cló Uí Mheára, 1958), 95.

[45] Ibid., 96.

[46] S. J. Brown, “Books and the Irish Child (continued),” The Irish Monthly, Iúil 1927, 411-12.

[47] Ó Faoláin, An Lann Tolédo, 26.

[48] Ibid., 27.

[49] Máirtín Ó Corrbuí, Gleann na Síre (Aonach Urmhumhan: Cló Uí Mheára, 1962), 8-9.

[50] Deasún Breatnach, An Fáinne Arabach (Baile Átha Cliath: Foilseacháin Náisiúnta Teoranta, 1960), 49.

[51] Ibid., 49.

[52] Ibid., 49.

[53] Ó Liatháin, Claíomh an Díoltais, 101.

[54] Traolach de Barra, An Smuglaer (Baile Átha Cliath: Foilseacháin Náisiúnta Teoranta, 1961), 133.

[55] Ó hOdhráin, Cine Cróga, 158.

[56] Annraoi Ó Liatháin, Laochra na Machairí (Baile Átha Cliath: Sáirséal agus Dill, 1958), 141.

[57] Ibid., 44, 67, 119.