Léirmheas: Seán Ó Ríordáin, Na Dánta

Author: Alan Titley

Seán Ó Ríordáin: Ná Dánta

Seán Ó Ríordáin (An t-Údar), Seán Ó Coileáin (An t-Eagarthóir), Seán Ó Flaitherata (An Maisitheoir)

Cló Iar-Chonnacht

216 pages. ISBN 9781905560738

 

Is mithid agus is maith an leabhar seo a bheith againn 35 bliana tar éis a bháis. Dá fheabhas is mar a bhí gach cnuasach ar leith ina chruth cúng abhlainne ceann ar cheann, tá ag dul do mhórfhile ar bith go gcnuasófaí a shaothar i dtoll a chéile go luath seachas go mall. Dá réir sin, is comóradh cuí an t-eagrán seo idir shlacht agus chló agus ealaín ó scuaib Sheáin Uí Fhlaithearta.

Ba dhóigh leat go bhfuil nach mór gach rud ráite faoi fhilíocht an Ríordánaigh go dtí seo, ach is ráiteas glé comair ar a shaol is ar a shaothar an réamhrá greanta atá mar bhrollach leis an leabhar ag Seán Ó Coileáin. Ba é an Coileánach, gan amhras, a thaighdigh is a scríobh an mhórbheathaisnéis, agus bhí de phribhléid aige bheith istigh a fháil ar dhialanna an fhile. Tá tugtha le fios aige in áiteanna eile nárbh iad na dialanna san ba chompordaí ar fad le léamh, agus pé duine feasta a rachadh ina gcuibhreann nárbh eisean an duine sin. Má tá doircheacht sna dialanna sin, is iad atá solasmhar maidir leis an duine agus lena chuid filíochta.

Baintear earraíocht chóir astu sa réamhrá chun dul amach ar a aigne, go háirithe maidir lena chuid filíochta agus ar shíl daoine di. Ní cúrsaí iontais é go dtabharfaí tús áite don léirmheas a scríobh Máire Mhac an tSaoi ar Eireaball Spideoige agus an díospóireacht a lean sin. Tá tábhacht ollmhór leis an díospóireacht sin mar ní hé amháin gur ghoin sé an Ríordánach go smior na gcnámh agus go smúsach an anama istigh, ach is ann a chuimsítear, leis, sciar maith mór den áiteamh maidir le fiúntas filíochta agus leis an mbreith ar cad is dea-Ghaeilge ann.

Ní fiú dul chun seanbhuataisí leis arís, ach ba mhíthuiscint bhunúsach í maidir le cumas na Gaeilge leathnú agus dánaíocht a dhéanamh uirthi féin. Níorbh fhíor nárbh fhéidir an Ríordánach a thuiscint gan Bhéarla, ach an oiread le Máirtín Ó Cadhain a chas comhréir na Gaeilge ina lúba siar timpeall sna scéalta deiridh dá chuid. B’fhéidir gurbh fhíre nach bhféadfaí Seán Ó Ríordáin a thuiscint gan samhlaíocht. Níl aon chúis faoin spéir nach dtuigfeadh an neach úd nach ann dó, an tÉireannach gan Bhéarla, comhfhocail ar nós “scillingsmaointe” agus “sreangtheicheadh” agus “scamallsparán” agus “ár gcúrintinn éadrom” agus na dosaein eile. Má thuig daoine Dáibhí Ó Bruadair, fear a chum focail agus nathanna agus a chuir an teanga ar an raca sínte, níorbh aon dúshlán dóibh Seán Ó Ríordáin a bhí ina chainteoir chomh dúchasach leis an tarna duine, seachas, abraimis na Griannaigh, an Direánach agus an Cadhnach.

Tá na dánta móra anseo, mar tá na dánta go léir anseo. Ach fairis sin, tá dóchas ann go dtabharfar aird ar chuid de na dánta eile ar déanadh faillí iontu go dtí seo, toisc iad a bheith múchta ag an móriomrá. Smaoiním go háirithe ar “An Doircheacht” agus “An Dual” nach ngéilleann duit go fuiriste. Go deimhin, má léitear na dánta seo as a chéile feiceann tú na cúraimí céanna á nochtadh arís is arís eile, ach iad feistithe i gclóanna éagsúla. An súnc sin Mháire Mhac an tSaoi nach raibh de chúram ag cuid dá dhánta ach crá coinsiasa an ghnáthChaitlicigh, tá bun éigin leis. Ach ina choinne sin, ní thuigtear chomh mór is a bhí an crá sin ag duine a bhí i láthair an bháis de shíor is de ghnáth, is gan de phríomhdhioscúrsa tuisceana aige ach teagasc traidisiúnta na hEaglaise.

Is í an mhíorúilt gur éirigh leis an sceimhle seo a chur i bhfriotal. D’éirigh leis teanga, nár theanga na hEaglaise í, a shnamadh lena intinn féin. Dhealbhaigh sé rud úr as spros agus  as bruscar a bhí faoi léigear i ngan fhios dó nuair a bhí sé féin in umar na caiticéise. Ina choinne thall, is beag an tsuim atá ag léitheoirí an lae inniu i gcrá coinsiasa Chaitliceach na nglúinte rompu. Cúis mhearbhaill agus tochas cinn dóibh iad. Is í an fhilíocht a mhaireann, filíocht mhíorúilteach na bhfocal.

Agus is í an fhilíocht fós a chuireann an draíocht orainn. Na focail úd agus na frásaí nach bhféadfadh an tarna duine iad a cheapadh: an feirmeoir “ag tomhas na gaoithe”; an “chomharsanacht suite ar mo mhéar”; na “ráflaí naomh san aer máguaird”;  an “reilig ag síorphaidreoireacht”;  “dreancaidí na drúise”; “an oíche” ag léim “isteach im scámhóig”; “an Uimhir Dhé, is an Modh Foshuiteach | Is an tuiseal gairmeach ar bhéalaibh daoine.” An “fios a scagadh as mo shaol ar fad.”

Frásaí agus abairtí agus nathanna iad a rachadh isteach sa teanga dá mbeadh an teanga ina sea. Ní hea amháin go raibh an fhilíocht úrnua, ach bhí cruthú na teanga úrnua chomh maith céanna. Mura bhfuil filí againn leis an teanga a dhealbhú as an nua, cé tá againn?

Níorbh é gur sheol an fhilíocht chuige go saoráideach riamh, ar nós mar a dúirt Seosamh Mac Grianna go raibh an t-aistriúchán chomh fuiriste lena bhróg a cheangal. Ach tá éascaíocht sna dánta tosaigh a bhréagnaíonn ná raibh smacht aige ar dhul traidisiúnta na filíochta, más dul scaoilte go minic é, an t-aon dul amháin a raibh brí leis san aois inar mhair sé. Aithris ar mheadarachtaí traidisiúnta ar a laghad iad, abraimis, “Ualach na Beatha,” “Ceol,” “Odi Profanum Vulgus,” “Éadóchas” agus eile, sa tslí dhuit go gceapfá go minic go raibh ceangal ródhocht ag an traidisiún air. Ina choinne sin, tá oiread éagsúlachta ina chuid filíochta siar amach le nach gcuingeofaí laistigh d’aon cheap amháin é. In ainneoin éagothroime áirithe—mar cad eile a mbeifeá ag súil leis, agus gur thráigh cuid éigin den dáine ann de réir mar a rug na blianta air—is fíor ar fad do Sheán Ó Coileáin gur mhair cic éigin den speach ann i gcónaí amach go deireadh, mar is léir ar na dánta déanacha a bhfuil an diablaíocht Ríordánach fós iontu.

Cuid dhlúth den leabhar álainn luachmhar seo is ea ealaín Sheáin Uí Fhlaithearta ina ndéanann sé iarracht dul amach ar dhánta ar leith le peannphictiúir. Is deacair seo a dhéanamh, gan amhras, agus ní mé an té is fearr a dhéanfadh breith orthu. Fós is cumhachtach í an eochair trasna ar chloigeann mar léiriú ar “Tost”; na pearsana ag scáthánú a chéile le “Mise”; an raingiléis anuas le “Oileán agus Oileán Eile”; an creatlach siúil le “Bás Beo”; an crosathrasnú cloiginn le “Scagadh”; na maidí daoine le “An Bóthar” agus mar sin ar aghaidh. Cuimhneofar orthu mar ráiteas tacaithe do na dánta de réir mar a ghlacfar leis an gcnuasach seo mar ráiteas údarásach, agus is é é gan teip.