An Digitiú agus na Daonnachtaí in Éirinn

Author: Pádraig Ó Macháin (University College Cork)

Is féidir sainmhíniú fíorshimplí a dhéanamh ar an digitiú, is é sin, eolas a chruthú i bhfoirm leictreonach nó a aistriú go dtí an fhoirm sin. Chomh fada siar le 1993, léirigh an Dr. Peter Robinson na prionsabail bhunaidh phraiticiúla a bhain le foinsí scoláiriúla a chur i riocht leictreonach.[1] Is fánach an t-athrú a d’imigh ar  an modhúlacht chéanna ó shin, cé nach gá a rá go bhfuil forbairt mhór dulta ar chúrsaí teicniúla, idir bhogearraí agus chrua-earraí i gcaitheamh na bhfiche blian ó foilsíodh an saothar sin.

Mar an gcéanna, dob fhéidir a rá go bhfanann an bhuncheist fhealsúnachta gan athrú mórán chomh maith. I gcás aon tionscadal digiteach faoi leith, is í an fhealsúnacht a bhíonn laistiar de a chinntíonn cuid mhór an seoladh a bheidh faoi agus cuid mhaith den rath a bheidh air. Is í an cheist sin ná “cad chuige?” agus cé go mb’fhéidir gur mó a shamhlófaí a leithéid le leanbaíocht ná le heolaíocht, ceist chasta is ea í sa mhéid nach leor aon fhreagra amháin uirthi go minic. Taobh amuigh de ghnáthmhian an duine a bheith ina fhear mar chách, nó a bheith faiseanta, cad ina thaobh gur cheart go mba shuim linn an digitiú? Cad ina thaobh gur mhaith linn blúire eolais—íomhá nó téacs nó fuaim—a léiriú i bhfoirm leictreonach, agus é sin a dhéanamh de rogha ar bhlúire éigin eile? Cad is bun leis an rogha nó an cinneadh sin? Cé dheineann an cinneadh, agus conas is ceart é a dhéanamh? An bonn airgeadais nó eolais nó meascán den dá ní is cúis leis an ngnó? Ábhar ailt eile is ea machnamh agus léiriú a dhéanamh ar na ceisteanna sin.

Cuid de réabhlóid na faisnéise is ea an digitiú, ar threise agus ar shuaithinsí é ná réabhlóid na tionsclaíochta, nó réabhlóid na clódóireachta a raibh sé de nós ag daoine an digitiú a chur i gcomparáid léi roimhe seo.[2] Do réir mar a chuaigh feabhas air i gcúrsaí tuisceana agus praitice, bhí fás agus borradh ag teacht san am gcéanna ar an dteicneolaíocht a dhéanfadh an t-ábhar digiteach a iompar agus a sheachadadh, an Teicneolaíocht Faisnéise agus Cumarsáide (TFC), go nglaotar ICT sa Bhéarla air. Tharla an fás chomh mear sin gur meascadh an dá ní ina chéile ar uairibh, an t-ábhar agus an meán. Ina theannta sin, ghaibh gné shuimiúil shochaíoch leis seo sa mhéid is de réir mar a chuaigh an réabhlóid chun cinn, bhí an t-aos óg ag dul amach air go himpiriciúil nádúrtha fhaid is a bhraith na glúinte a bhí níos sine gur theastaigh cúnamh uathu agus go gcaithfidís cúrsaí a fhreastal, mar shampla, chun go bhféadfaidís cos a leagadh ar dhréimire na réabhlóide. Tá a lorg sin le feiscint i gcónaí: an-chuid den rud a thuigtear le “daonnachtaí digiteacha” inniu, is buneolas é a bhaineann le meán iompair agus cur in úil an ábhair dhigitigh, eolas a bhíonn i seilbh an aosa óig cheana féin, cuid mhór: cruthú suíomhanna idirlín, ardáin chomhráidh agus chaidrimh, agus mar sin de. Bítear ag cur leis an bhforas sin ag leibhéal na meánscoile i gcónaí, agus is mó aip agus suíomh atá anois ann mar áis theagaisc agus fhoghlama ag déagóirí agus a gcuid múinteoirí.[3] Fágann sé sin na mic léinn níos oilte agus i bhfad chun tosaigh i litearthacht na faisnéise leictreonaí ná na múinteoirí ollscoile nuair a bhaineann na daltaí meánscoile an tríú leibhéal amach ar ball.

 

An digtiú in Éirinn

Tá cúrsaí digitithe in Éirinn inniu mórán mór ar aon dul lena macasamhail in aon tír fhorbartha eile ar domhan ó thaobh caighdeán, táirgíochta agus cumais de. Ní nach ionadh é sin, ráite gur gnó agus cleachtas idirnáisiúnta atá sa digitiú anois, agus gur ar scáth a chéile a bhíonn lucht na ceirde sin ag dul chun cinn i gcónaí, idir theoiriceoirí agus phraiticeoirí. Ina theannta sin, agus an gréasán domhanda ina chóras iompair agus ina bhunáis seachadta ag mórán mór gach aon tionscnamh digiteach, bíonn feidhm aige sin maidir le foras coiteann uilíoch a choimeád faoi chraoladh agus faoi chomhroinnt na faisnéise leictreonaí.

Ó thaobh na hÉireann de, is mór an ní é seo, an digitiú a bheith ina ghnáthchuid den saol, nuair a thuigimid go raibh an tír dall ar fad ar an gcúram, geall leis, cúig bliana déag ó shin. Dob fhéidir a áiteamh gur tharla an t-athrú mór agus an forás mear ar na cúrsaí seo i gcomhthreoir leis an bhforás agus an leathnú ar an gcaidreamh leictreonach sa tréimhse chéanna: cé cheapfadh go deo go mbeadh breis agus plúchadh déanta ag lucht úsáidte an ghutháin phóca in Éirinn faoin mbliain 2011?[4] Ar shlí, mar sin, ní raibh dul as ag an dtír ach gabháil le sruth na réabhlóide domhanda, a bhí agus atá faoi réir ag teicneolaíocht na faisnéise agus ag margadh na teicneolaíochta sin.

Ní mar a chéile an dá ní, áfach, sa mhéid is gur claonadh é an caidreamh leictreonach atá nach mór uathoibríoch agus a fheidhmíonn neamhspleách ar smacht lucht polasaí agus lucht rialtais. Bíonn gá le machnamh, le cur chuige, le comhaontú, agus le cinní a thógaint maidir le fíordhigitiú áfach. Ar an gcuid ab fhearr de, bheadh coinne ag duine leis go dtógfaí na céimeanna forbartha as diaidh a chéile go stairiúil agus go mbeadh an tír ar aon bhuille sa chúram. Ní mar sin a tharla i gcás na hÉireann de, agus ba dheacair teacht ar aon fhianaise, fiú sa lá inniu, go bhfuil tuiscint chomhordaithe ag an dtír i dtaobh conas is fearr an digitiú a bhrú chun cinn agus é a bheith i lár an aonaigh i gcúrsaí oidhreachta agus cultúir go háirithe. Ní hionann sin is a rá nach dtugtar an turas ón machnamh go dtí an cinneadh agus ón gcinneadh go dtí an cur i bhfeidhm, ach nach dtarlaíonn sé ach go logánta ar an gcuid is fearr de: ó eagraíocht nó ó institiúid go chéile seachas ar leibhéal náisiúnta.

Ag breithniú ar an scéal go stairiúil, tá gach cuma air gur cheap Rialtas na hÉireann san am nach mar sin a bhí nó a bheadh an scéal ar aon chor, ach gurbh iad a bhí chun tosaigh san Eoraip i gcúrsaí digitithe ar leibhéal na teicneolaíochta, agus go rabhadar ar chomhchéim lena gcomhleacaithe Eorpacha ar leibhéal na faisnéise. I gcúrsaí teicneolaíochta, sa mbliain 2000 chuadar i gcomhpháirtíocht le MIT chun Media Lab Europe a chruthú agus a chur ar bun i mBaile Átha Cliath. Is é a bhí anseo ná institiúid taighde: “established as a hybrid between academia and the corporate world, to create a unique new centre of excellence in digital technologies.”[5] Bhí infheistíocht Riailtais de 35 milliún Euro i gceist leis,[6] agus cé gur cruthaíodh fostaíocht agus go raibh seoladh ardréimeach faoi ar feadh tamaill de bhlianta, tháinig deireadh obann leis, Eanáir 2005, cheal airgeadais. Páirc ghnó theicneolaíochta digitithe a tháinig ina ionad ar ball.

I réimse na faiséise, tharla iarracht ar chomhordú a dhéanamh ar chúrsaí digitithe luath go maith i stair na gluaiseachta in Éirinn. Ní raibh dul as, ar shlí, mar nárbh fholáir d’Éirinn, i dtús na haoise seo, mar bhall den Aontas Eorpach, buanionadaithe a ainmniú ar an “National Representatives Group” um dhigitiú. Céim ionmholta ab ea é seo, gan aon agó, ach, mar a thit amach agus ag féachaint dúinn thar n-ais anois air, d’fhéadfaí é a léamh mar chéim ar gcúl san am gcéanna. Tar éis gur ceapadh na buanionadaithe Eorpacha seo, ní chuirfeadh an saol i dtuiscint don Rialtas nár mhiste polasaí náisiúnta um dhigitiú a cheapadh chomh maith. Is léir go raibh coinne ag an Rialtas, agus ní tógtha orthu é, go gcasfadh na hionadaithe agus polasaí Eorpach ina ndorn acu ab fhéidir a chur i bhfeidhm sa tír seo ina dhiaidh sin.

Tá fáil fós ar chreatlach na moltaí Eorpacha a tháinig chun cinn sa luath-thréimhse sin, agus is fuirist aithint orthu a mhealltaí a bhíodar san am.[7] Ar na bun-tionscadail a gealladh, bhí Tionscnamh Náisiúnta um Sheachadadh agus Chomhordú, bunaithe ar fhaisnéis ó Ranna Rialtais agus lucht leabharlannaíochta. Bhí i gceist go léireofaí na tionscadail seo tré tháirseach idirlín a mbeadh gach aon eolas i dtaobh polasaithe agus uile le fáil uirthi. Bhí an méid sin go léir le bheith ar fáil i Meán Fómhair na bliana 2002.

An táirseach a d’eascair as na moltaí seo, níl aon amhras ná gur conláisteach an áis í: bíonn an-chuid buneolais agus faisnéise á iompar aige.[8] Ní mar a chéile é sin, áfach, agus an mórthionscadal a fógraíodh i dtús an chéid. Níl aon chaint ar pholasaí náisiunta ann; níl aon tagairt do chomhordú ann. Dá úsáidí is atá sé, is é deireadh an scéil nach aon fhoras feasa ar dhigitiú in Éirinn atá ann. Níl ann go bunúsach ach suíomh eile idirlín. Is deacair a rá, mar sin, go bhfuil aon pholasaí oifigiúil in Éirinn i leith na faisnéise leictreonaí fiú sa lá inniu agus in ainneoin oiread cainte a bheith ar an ábhar go laethúil geall leis.

Má bhí na húdaráis lárnacha ag cuimhneamh ar an ábhar ar aon chor, is go dromchlach, go cliathánach, nó go fiarsceabhach féin ar uairibh a bhí. An cháinfhaisnéis a chur ar fáil ar dhlúthdhiosca, airgead a sholáthar sna meastacháin bhliantúla i gcomhair dhigitiú nuair ná raibh i gceist a chruthú ach macasamhail i bhfoirm leabhair, nó le déanaí féin airgead a chaitheamh ar aip: ba léir agus is léir i gcónaí nach de réir aon chórais mhachnaimh leanúnaigh a fheidhmíonn lucht Rialtais, ach, uaireanta ar a laghad, de réir mar a fhaigheann gaoth an fhocail.

 

Tograí agus tionscnaimh: an tríú leibhéal

Gan bhuíochas d’aon bheartas comhordaithe náisiúnta a d’fhás cúrsaí digitithe in Éirinn, dá réir sin, go háirithe i gcomhthéacs oideachas an tríú leibhéal. Ní hamhlaidh go raibh an forás sin neamhspleách ar pholasaithe rialtais go hiomlán, áfach. Tharla go raibh san am ceanann céanna sruth maoinithe poiblí i gcomhair an taighde tríú leibhéal á cheapadh ag an Údarás um Ard-Oideachas, a chuirfí ar fáil ina chúig sraitheanna thar thréimhse dhá bhliain déag, 1998–2010. PRTLI (“Programme for Research in Third Level Institutions”) a tugadh ar an gclár maoinithe seo, agus is mó tionscadal taighde a thairbhigh de i gcaitheamh na mblianta sin agus atá fós faoi chomaoin aige mar nach dtiocfaidh deireadh leis an gcúigiú sraith go dtí 2015.[9]

Toisc an digitiú gan a bheith ar an saol i gceart nuair a cuireadh tús leis an gclár maoinithe sin,  thóg sé tamall ar na hollscoileanna teacht i dtír ar an gclár, agus, mar an gcéanna, thóg sé tamall ar an Údarás um Ard-Oideachas dul i dtaithí air agus dul i ngleic leis an digitiú mar ábhar cóir taighde. Dá réir sin, agus sinn ag breithniú siar inniu ar an digitiú agus an tArd-Oideachas sa chéad deichniúr den aois nua seo ní tógtha orainn a mheas ná raibh an córas maoinithe lán-oiriúnach don ábhar nua acadúil seo. An fhadhb ba mhó, b’fhéidir, ná nár oir maoiniú cúig bliana ach do thionscadail ghearr-théarmacha, ar dheacair fíordhigitiú a aithint orthu ach ina mion-chodáin mhíleanúnacha, nuair is é an faidtéarma a theastaíonn i gcursaí digiteacha i gcónaí nach mór. Ní haon fhadhb shimplí í seo, mar go mba dheacair d’aon údarás reachtúil dul i mbannaí ar mhaoiniú faidtéarmach d’aon réimse taighde amháin sna daonnachtaí, gan aitheantas a thabhairt don digitiú mar bhun-riachtanas fostruchtúrtha, ar cheart polasaí rialtais agus maoiniú ar leithligh a chur i leataobh dó. Ina éagmais sin, in áit aon rud buantseasmhach a theacht as na sraitheanna maoinithe is amhlaidh gur bocht an chuma atá ar chuid de na tionscadail a luadh thuas sa lá inniu. Is fiú dhá shampla a lua.

Fuair an tionscadal cumaisc ar ar tugadh “Foinsí na hÉireann” (“Documents of Ireland”) maoiniú faoi PRTLI 1 sa mbliain 1999. Is é a bhí i gceist, ná go dtabharfaí crobhaing de thionscnaimh, cuid acu gan aon bhunús digiteach ar aon chor leo, le chéile, faoi scáth aon tionscadail amháin. Tionscnaimh shean-bhunaithe, agus cuid acu fós ar an saol ag oibriú leo go fónta inniu (CELT mar shampla, a luaitear thíos), a bhí i gceist, ach dob é an comhnasc digiteach a bhí le bheith eatarthu a chuaigh i bhfeidhm ar an Údarás agus a mheall maoiniú substaintiúil uathu. Maireann creatlach de suíomh dealbh díomhaoin idirlín inniu mar chuimhneachán ar an dtionscadal seo.[10] Níl amhras ná gurbh fhiú airgead poiblí a chaitheamh le gach aon tionscnamh aonair a luaitear ann, ach mar thionscadal aontaithe, comhordaithe digiteach, ba dheacair gan aontú leis an dtuairim gur chur amú airgid ab ea é, airgead a bhí de dhíth go géar ar thionscnaimh chearta digiteacha fhaidtéarmacha in institiúidí eile.

An uair sin bhí institiúidí tríú leibhéal ag feidhmiú ina n-aonar agus iad in iomaíocht le chéile ag iarraidh teacht ar phota óir an digitithe. Faoin am go dtáinig ann do PRTLI 4 sa mbliain 2007, ba léir gurbh fhearr a d'éireodh le hiarrataisí ar mhaoiniú ach go dtiocfadh roinnt institiúidí i bpáirtíocht le chéile. An dara sampla de dhul i léig tionscadail dhigitigh, is tionscadal é a bunaíodh faoi bhrat Acadamh Ríoga na hÉireann ach a raibh eagraíochtaí eile ina bpáirtithe ann. Tugadh an “Digital Humanities Observatory” ar an dtionscadal seo. Bhí fógra láidir mar ráiteas misiúin ag gabháil leis, á chur i dtuiscint gur tionscnamh fada, buan, tras-teorannach a bheadh ann:

The Digital Humanities Observatory (DHO) is an all-island digital humanities collaboratory working with Humanities Serving Irish Society (HSIS), national, European, and international partners to further e-scholarship. The DHO is a knowledge resource providing outreach and education on a broad range of digital humanities topics. It provides data management, curation, and discovery services supporting the long-term access to, and greater exploitation of, digital resources in the creation of new models, methodologies and paradigms for 21st century scholarship.

Is mór idir an ráiteas úd agus an fógra atá le feiscint ar an suíomh idirlín faoi láthair: “As of August 30, 2013 the activities of Digital Humanities Observatory have ceased.” [11]

Ní hionann sin is a rá, áfach, nár fhág an DHO oidhreacht fhiúntach ina dhiaidh ó dhá cheann thraidisiún na hÉireann: cóiriú leictreonach Franz Fischer d'eagrán Ludwig Bieler de Confessio Phádraig Naofa ón gcúigiú haois; agus, ón bhfichiú haois, an tionscnamh um thaifeadtaí de chanúintí na Gaeilge a dhein an múinteoir Gearmánach, an Dr Wilhelm Doegen, in Éirinn sna blianta 1928-31, a dhigitú agus a chur ar fáil ar an idirlíon: “Tionscadal Gréasáin Chéirníní Doegen.”  Tá tábhacht faoi leith leis an dtionscnamh seo go háirithe maidir le háiteanna den dtír nach bhfuil an Ghaeilge le fáil iontu a thuilleadh. Fadhb amháin a bhaineann leis i gcónaí, áfach, agus a bhaineann le go leor eile de thionscadail ghearr-théarmacha dá leithéid, gan aon mheasúnú, nó torthaí measúnaithe, a bheith le fáil go poiblí i dtaobh an tionscadail. Ceist ghaolmhar leis an bhfadhb sin ná ceist ghinearálta an phiarmheasúnaithe ar an dtáirgíocht digiteach trí chéile, go háirithe ar shaothar scoláiriúil nach bhfoilsítear ach i bhfoirm leictreonach amháin. Ceist is ea í a bhíonn ina ábhar imní ag scoláirí i gcónaí,[12] ach nach léir aon réiteach uirthi go fóill.

I gcomharbacht ar an DHO, faoi bhrat an Acadaimh Ríoga arís i bpáirt le coláistí ollscoile agus institiúidí eile, tá eagraíocht ar an bhfód anois go dtugtar Taisclann Dhigiteach na hÉireann (Digital Repository of Ireland) air. Tá maoiniú faoi PRTLI 5 faighte ag an dtionscadal seo, agus ath-iarracht is ea é seo, ar aon dul le DHO, ar fhoras náisiúnta a chur faoi chúrsaí digitithe in Éirinn, sa mhéid is go gcraoltar mar phríomh-aidhm leis: “a national trusted digital repository for Ireland’s social and cultural data.” Níl an cur chuige maidir leis seo de ró-shoiléir go fóill, ná ní léir aon bhaint a bheith aige le tionscadal de chuid Ollscoil Luimní ar a dtugtar an National Digital Learning Repository. Tá foilseacháin an-shiumiúla eisithe ag an DRI i gcóip chruaidh le dhá bhliain anuas, áfach, a chuireann béim ar a ndualgaisí náisiúnta.[13]

Taobh amuigh de scátheagraíochtaí de chuid Acadamh Ríoga na hÉireann, sna hollscoileanna féin is léir gurb iad na tionscadail is mó rath agus is mó eileamh don gcuid is mó ná iad siúd a leagann béim, ní ar ábhar digiteach amháin a sholáthar, ach ar ábhar teagaisc chomh maith. Tá disciplín nua-bhunaithe ag Coláiste na hOllscoile Corcaigh le blianta beaga a chuireann cúrsaí ar fáil i dteoiric agus i bhfealsúnacht an digitithe, chomh maith le hoiliúint sa ríomheolaíocht, agus a bhfuil maoiniú faighte ó PRTLI 5 aici.[14] Bhí eagraíochtaí bunaithe cheana féin ag na hOllscoileanna eile, eagraíochtaí ar nós Foras Feasa in Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad, nó Institiúid de Móra in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh (a bhfuil bunachar na n-eastát mór ina thionscnamh dá chuid[15]), nó an Long Room Hub de chuid Choláiste na Tríonóide, an t-aon tionscadal dá leithéid a bhfuil foirgneamh a tógadh d’aon ghnó chuige. (Mar a tharlaíonn, níl aon bhaint ag an Mol seo leis an dtionscnamh digiteach is fearr rath de chuid Choláiste na Tríonóide, is é sin teistíochtaí Éirí Amach 1641 a cuireadh ar líne sa mbliain 2010.)

I dtéarmaí táirgíochta agus éilimh de, agus ós íseal nach mór, tá an-léiriú déanta ag Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath sna cúrsaí seo. Is í an chúis atá leis sin ná go raibh rannóg sean-bhunaithe san Ollscoil seo arbh í a príomhfheidhm go stairiúil ná cúrsa gnó agus ríomheolaíocht tré Ghaeilge a chur ar fáil do bhunchéimithe, agus arbh é an foras fealsúnach a bhí laistiar de ná an Ghaeilge mar theanga nua-aimseartha. Fiontar ainm na rannóige sin, agus nuair a tháinig ann don ré dhigiteach, bhí Fiontar san áit cheart chun tairbhiú de go simplí agus go héifeachtúil maidir le háiseanna a chur ar fáil a d’fhéadfadh ábhar digiteach a iompar, a scagadh agus a léiriú.

Ábhar is ea é sin nach raibh cothaithe ag Fiontar féin ach a bhí ginte don gcuid is mó ag daoine agus ag eagraíochtaí eile, ach a raibh Fiontar in ann ardán a thairiscint dóibh chun an t-ábhar sin a chur ar fáil go conláisteach don bpobal. As san is ea a d’eascair trí cinn de na háiseanna idirlín is mó le rá ó thaobh daonnachtaí na Gaeilge de: bunachar téarmaíochta (www.tearma.ie), bunachar logainmneacha (www.logainm.ie) agus bunachar beathaisnéise (www.ainm.ie). An tríú ceann acu seo, mar shampla, is é atá ann ná leagan leictreonach inchuardaithe de shaothar mórthaibhseach beathaisnéise le Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú a foilsíodh thar thréimhse fiche blian i naoi gcinn de himleabhair.[16] Cé go dtáinig ann don áis leictreonach seo—atá ar fáil in aisce dá gcuid úsáideoirí—gan spleodar ná buaileam sciath ar bith, bheadh scoláirí áirithe den dtuairim gur fearr go mór d’áis bheathaisnéisiúil, agus gur mó an bonn scoláiriúil atá léi, ná an Dictionary of Irish Biography a bhfuil leagan digiteach ar fáil ar bhonn síntiúis.

Is fuirist aithint ar Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath gurbh é an dearcadh faidtéarmach is fearr agus is fiúntaí i gcónaí i gcúrsaí digitithe. Ní nach ionadh, dá réir sin, gurbh iad Fiontar atá chun tosaigh arís ar na hinstitiúidí eile tríú leibhéal sa tionscnamh a bunaíodh le fíordhéanaí chun bailiúchán luachmhar an Choimisiúin Bhéaloideasa a chur ar fáil go leictreonach ar shuíomh nua (www.dúchas.ie), agus an obair sin a chur i gcrích idir na blianta 2014-16. Tá infheistíocht mhór meallta acu ón rialtas, agus cé gur i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath atá an bailiuchán lonnaithe, agus tionscnamh digiteach dá gcuid féin ag an ollscoil sin go dtí le déanaí,[17] tá an chuma air go bhfuil géillte go flaithiúil ag an gColáiste Ollscoile sin do shaineolas agus do dhea-theist agus d’fhadradharc Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath maidir le hábhar a léiriú go héifeachtúil ar ardán poiblí.

 

CELT agus ISOS

Léiríonn cás agus cur chuige Fiontair a rathúla agus is féidir le tionscadal a bheith ach foras ceart a bheith faoi agus súil fhoighneach a bheith ag lucht a riartha ar ghné na táirgíochta de. Sin é an bunmhachnamh agus an bhunchuspóir atá ag an dá thionscnamh dhigiteacha is fadshaolaí sna daonnachtaí in Éirinn: tionscnamh téacsúil agus tionscnamh íomhách.

Deineann CELT (Corpus of Electronic Texts) leaganacha leictreonacha a chur ar fáil de théacsanna a bhaineann le stair agus litríocht na hÉireann, i nGaeilge, i Laidin agus i mBéarla, agus i ndornán beag de theangacha eile. I Scoil na Staire, Colaiste na hOllscoile Corcaigh, atá an tionscnamh seo lonnaithe le tamall maith, ach nuair a thosnaigh amach i 1991, is tionscnamh i bpáirt a bhí ann idir Acadamh Ríoga na hÉireann agus an Coláiste Ollscoile, faoin dteideal “Thesaurus Linguarum Hiberniae” agus an t-acrainm CURIA aige.[18] Tá agus beidh de cháil ar CELT i gcónaí gurbh iad a chruthaigh an chéad leathanach idirlín riamh in Éirinn. Maoiniú príobháideach a bhí ag CELT ar dtúis, agus ina dhiaidh sin thairbhigh de chistí maoinithe éagsúla poiblí, go háirithe tré pháirtíochtaí torthúla a chruthú le tionscnaimh eile. Ar na comhpháirtithe a bhí acu bhí eDIL de chuid Ollscoil Uladh i gCúil Raithin, a raibh maoiniú ó Rialtas Shasana acu. Tionscnamh tábhachtach é sin ar éirigh leo bunfhoinse de theanga na Gaeilge, Contributions to a Dictionary of the Irish Language, a chur ar fáil i bhfoirm leictreonach inchuardaithe (http://edil.qub.ac.uk/dictionary/search.php).

Maidir le CELT féin, áis fíorluachmhar is ea í. Tá breis agus míle téacs curtha ar fáil ar an suíomh faoin am seo, móide aistriúcháin, leabhar-liostaí, agus ceartúcháin sa chás go mbíonn teacht ar corrigenda. Ní hamháin go bhfuil téacsanna scoláiriúla ón tSean-Ghaeilge i leith ar fáil i bhfoirm leictreonach, ach ó thraidisiún litríocht an Bhéarla in Éirinn tá saothair le leithéidí Thomas Davis, Oscar Wilde, Bram Stoker, agus an Canónach Pádraig Ó  Síocháin, gan trácht ar fhilíocht Synge agus Yeats, le fáil ar an suíomh chomh maith. Ar an gcuma sin, thar aon tionscnamh eile in Éirinn, b’fhéidir, is ea a chuireann CELT go laethúil le forás agus dul chun cinn na ndaonnachtaí digiteacha.  Gné an-tábhachtach den tionscnamh is ea é go mbíonn, ó thosnaigh an obair, an mharcáil théacsúil ag leanúint do threoracha an Text Encoding Initiative, rud a dheimhneoidh buaine an ábhair go léir atá curtha ar fáil i gcaitheamh na mblianta; rud eile a chuirfidh lena bhuaine is ea é go bhfuil anois ball foirne buan de chuid Scoil na Staire sa Choláiste Ollscoile—Beatrix Faerber—agus é d’aon chúram amháin uirthi bainistíocht agus maoirseoireacht a dhéanamh ar CELT.

Tamall gairid de bhlianta tar éis teacht ar an saol do CELT is ea a tháinig ann do thionscnamh eile atá fós ag feidhmiú agus ag táirgeadh leis. Sin é Irish Script on Screen (ISOS) a bunaíodh sa mbliain 1998. Tionscnamh is ea é a léiríonn íomhánna ardchaighdeáin de lámhscríbhinní Gaeilge, ó chlúdach go clúdach, leathanach ar leathanach, agus a chuireann na torthaí ar fáil in aisce do léitheoirí tré shuíomh idirlín. Lámhscríbhinní ón luath-thréimhse go dtí an tréimhse is déanaí atá i gceist: an Domhnach Airgid go saothar Sheosaimh Uí Longáin. Ciallaíonn sé sin nach áis í an suíomh seo do lucht pailéagrafaíochta amháin, ach do lucht litríochta chomh maith, do lucht staire, agus d’aoinne ar suim leo scéal na hÉireann a thuiscint trí staidéar a dhéanamh ar na leabhair láimhdhéanta a tháinig anuas ó aois go haois.[19]

Tionscnamh de chuid Scoil an Léinn Cheiltigh in Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath is ea ISOS. Eagraíocht reachtúil den gceathrú leibhéal í an Institiúid a bunaíodh sa mbliain 1940 agus é de rún ag Scoil an Léinn Cheiltigh taighde agus foilsiú a dhéanamh ar bhunfhoinsí theanga agus litríocht na Gaeilge. An cinneadh a dhein an Institiúid sa mbliain 1998 tacú ó thaobh maoine de le hiarracht Scoil an Léinn Cheiltigh ar an gcéad thionscnamh a bhain le híomhánna digiteacha a chruthú a bhunú in Éirinn, bhí an cinneadh sin bunaithe go hiomlán ar chur i bhfeidhm a cuid  dualgaisí reachtúla.  Toisc gur rud nua amach is amach a bhí ann, ní raibh an tionscnamh gan lucht freasúra sna luathlaethanta. Bhí soiscéalaíocht le déanamh ag an dtionscnamh, ní hamháin i measc leabharlannaithe agus cartlannaithe a bhí dall ar an nuatheicneolaíocht seo, ach i measc luchta acadúil chomh maith.

Cruthaíodh páirtíocht ghairid thorthúil sna blianta tosaigh le hOllscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, a  chabhraigh go mór maidir le foras teicniúil a chur faoin obair. Cruthaíodh páirtíocht, leis, le leabharlanna agus le cartlanna, ar fud na tíre agus thar lear, maidir le digitiú a dhéanamh ar a gcuid bailiuchán. Chuaigh sé dian i gcónaí ar an dtionscnamh maoiniú seachtrach a aimsiú i gcaitheamh na mblianta ina dhiaidh sin toisc gur thionscnamh faidtéarmach ab ea é, agus gur dheacair míniú nár mhíniú roshímplí é a thabhairt air, rud nár chuaigh i bhfeidhm puinn ar lucht measúnaithe nach raibh d’eolas acu ar dhigitiú ach béarlagar casta na teoirice. Mar is é a bhíonn ar siúl ag ISOS go bunúsach ná pictiúirí digiteacha a thógaint de shean-leabhair agus iad a chur fáil ar an idirlíon. Bhí, gan amhras, agus bíonn i gcónaí, castachtaí teicniúla ag gabháil leis an ngnó, ach is i bhfolach a bhíonn siad sin. Lasmuigh de dhá dheontas ón gComhairle Oidhreachta mar sin, is ag braith go hiomlán ar thacaíocht na hInstitiúide Ard-Léinn a bhí ISOS, agus fanann ar an gcuma sin go dtí an lá inniu, ar dhála CELT, ina thionscnamh an-bheag, ar bheagán pearsanra ar saineolaithe go hiomlán iad ar an gcúram a bhíonn ar bun acu, agus nach stadann de bheith ag cur ábhair ar fáil bliain i ndiaidh bliana.  Eiseamláir is ea é ar an seoladh dob fhéidir agus ba cheart a bheith faoi aon tionscadal digiteach ach an tuiscint agus an cur chuige cóir a bheith ann ón dtús.

 

Institiúidí Cultúrtha

Taobh amuigh de CELT agus ISOS, is iad na hinstitiúidí poiblí ar nós na Leabharlainne Náisiúnta agus na Cartlainne Náisiúnta is mó a dhein dul chun cinn sa digitiú pro bono ó tháinig ann do réabhlóid na faisnéise. Dhein an Leabharlann (www.nli.ie) an chatalóg ollmhór dá chuid a eagrú ar bhonn digiteach go luath: bhíodar go maith chun tosaigh ar leabharlanna eile a bhí i bhfad níba lú ná iad. Ina theannta san thugadar isteach córas leictreonach do léitheoirí inarbh fhéidir leo leabhair nó lámhscríbhinní a chur in áirithe don lá dár gcionn. Don duine a raibh cur amach aige nó aici ar an Leabharlann mar a bhí fadó, ba mhór an t-athrú é seo, agus comhartha go raibh ceannasaíocht sa dea-chleachtas á ghlacadh ag institiúid phoiblí náisiúnta sa chúram tábhachtach seo. Ní hamháin sin, ach i Seomra na Lámhscríbhinní tugadh isteach córas, nach bhfuil teacht air in aon leabharlann eile go fóill, a chuireann ar chumas na léitheoirí a gcóipeanna digitithe féin a dhéanamh de cháipéisí agus de lámhscríbhinní, agus é sin a dhéanamh ar dada nó ar fíorbheagán costais.

I dteannta an dul chun cinn i gcúrsaí fostruchtúir bhunaigh, tá gaiscí eile á ndéanamh ag an Leabharlann Náisiúnta a mbeidh torthaí móra leo. Arís, is é an faidtéarmachas bun agus barr an scéil. Mar chomhartha air sin, tá áis nua iontach arlíne curtha ar fáil ag an Leabharlann: taifeadtaí na bParóistí Catlaiceacha, agus iad digitithe ó mhionscannán, agus curtha ar fáil go lom gan aon trealamh breise ag gabháil leo (www.nli.ie/en/parish-register.aspx). Mar a chéile le ISOS, tuigeann an Leabharlann Náisiúnta, in éamais aon infheistíocht ná urraíocht le dealramh, gur fearr an t-amhábhar a chur ar fáil agus ligint don ábhar tánaisteach teacht nuair a thiocfaidh.

Ar aon dul leis an Leabharlann, tá an Chartlann Náisiúnta tar éis dea-shampla agus tosaíocht a léiriú maidir le héascaíocht a dhéanamh dá gcuid léitheoirí i gcuid dá mbailiúcháin a chur ar fáil. Cé go bhfuilid chun deiridh i gcúrsaí catalóige, agus bhí riamh, níl amhras ar bith ná go bhfuil a chúiteamh sin míle huaire sa ghaisce digiteach is mó cáil agus is mó éileamh in Éirinn, is é sin, Daonáireamh 1901 agus Daonáireamh 1911 a chur ar fáil ar chuma leictreonach agus iad lánchuardaithe ar iomad slite.[20] Ní haon bhréag í gurb é seo an tionscadal digiteach sna daonnachtaí in Éirinn is mó riamh a chuaigh i bhfeidhm ar an ngnáthphobal sa tír seo agus thar lear. Más é is brí le fealsúnacht an digitithe daoine a chumasú i gcúrsaí eolais—teacht ar eolas as a stuaim féin, agus eolas a thabhairt dóibh—níl amhras ar bith ná go bhfuil éirithe go seoigh leis an gCartlann Náisiúnta é sin a dhéanamh, agus é déanta acu ar chuma ar cheart bheith ina mhúnla ag gach aon institiúid phoiblí ar domhan.

Ná níl eagraíochtaí poiblí eile ina dtost sna daonnachtaí digiteacha in Éirinn ach oiread. Bunfhoinse léinn a bhaineann le craobhacha éagsúla de na daonnachtaí is ea léarscáileanna, cuirim i gcás. Is beag staraí, fear ginealaigh, ná tíreolaí nach mbaineann leas minic as na léarscáileanna sé orlach de chuid na Suirbhéarachta Ordanáis. Bíonn tábhacht faoi leith ag gabháil leis an gcéad eagrán den mhapa sin a cuireadh amach de thoradh saothar na suirbhéarachta i bhfichidí agus i dtríochaidí an naoú haois déag, agus ar foilsíodh an chuid déanach de in 1846. Is é atá ann ná grianghraf, más ea, de leagan amach na tíre sna blianta roimh an nGorta Mór. Gnó spéisiúil is ea é an chéad eagrán sin a chur i gcomórtas leis an leagan nua-aimseartha den léarscáil. A bhuíochas ar an tSuirbhéaracht is féidir an chéad eagrán sin a scrúdú go mion anois agus oiread staidéir chomparáide agus is gá a dhéanamh de bharr na háise iontaí poiblí atá curtha ar fáil in aisce acu.[21]

Sampla eile den dea-obair leanúnach pro bono sna daonnachtaí cultúrtha is ea saothrú Taisce Cheol Dúchais Éireann (ITMA/The Irish Traditional Music Archive). Ba dheacair cuimhneamh ar aon eagraíocht eile is fuinniúla agus is torthúla ná an ITMA maidir le saothar rialta digiteach a tháirgeadh agus a chur ar fáil don bpobal. Soláthraíonn siad meascán ábhair ar ardchaighdeán: físeáin, taifeadtaí fuaime, ábhar clóite, íomhánna, agus scóranna eadarghníomhacha. Dá mbeadh suíomh eiseamláireach uainn a chuireann ábhar ilghnéitheach sna daonnachtaí ar fáil ach fós atá soiléir sothaistealtha agus dírithe, ní ar féinphoibliú, ach ar eolas a roinnt leis an bpobal ar shlí thuisceanach agus chúntach, ba dheacair suíomh an ITMA a shárú.

 

Conclúid

Ar na tátail is tábhachtaí atá le baint as an digitiú sna daonnachtaí in Éirinn a bhreithniú, tá gur ar éigin atá an múnla maoinithe mar atá faoi láthair oiriúnach go hiomlán. Níl amhras ná gur cheart leanúint leis an dtacaíocht a thabhairt do thionscnaimh aonair ar bhonn gearrthéarmach. Níl amhras ach oiread, áfach, ná gur cheart é sin a shuíomhú i gcomhthéacs ina n-aithneofar an digitiú mar chúram tábhachtach faidtéarmach, agus mar chuid lárnach d’fhostruchtúr na ndaonnachtaí, agus tacaíocht a thabhairt dó dá réir.

Ábhar eile a thagann chun cinn cheal polasaí rialtais ná tuiscint aontaithe i measc lucht cleachtaithe na ndaonnachtaí, ná ceist an mheasúnaithe i gcúrsaí digitithe. Cé go bhfuil treoracha á bhforbairt go hidirnáisiúnta ar an ábhar seo,[22] ceist is ea í nach bhfuil oiread sin airde tugtha di in Éirinn go fóill. Bíonn gnéithe éagsúla ag gabháil leis an gceist seo, ó aitheantas scoláiriúil a thabhairt d'fhoilsiú altanna léannta i bhfoirm leictreonach amháin go breithiúntas fuarchúiseach a thabhairt ar thionscnaimh éagsúla agus é sin a bheith bunaithe ar chritéir ar nós táirgíochta, cur i láthair, meitashonraí, agus buaine. I láthair na huaire tá roinnt daoine den dtuairim gur mó an claonadh a bhíonn i lucht na sparán tacú le gothaí an digitithe ná leis an bhfíordhigitiú féin.

Agus an déantús digiteach ina ghnás seanbhunaithe nach mór faoin am seo, agus na modhanna agus na gnásanna a bhaineann lena chruthú chomh préamhaithe céanna, is ceart súil a bheith againn ar an am atá le teacht agus ar fheabhas a chur ar an tslí ina ndeintear bainisteoireacht agus comhordú ar a bhfuil de thionscnaimh éagsúla sa tír. Pé ní is cúis leis, níl an táirseach “askaboutireland” ag feidhmiú mar ba chóir ná mar a gealladh, agus tá géarghá le táirseach nua a thabharfaidh le chéile ábhar acadúil léannta ón dtríú leibhéal, ábhar oideachasúil ón dara leibhéal, agus na háiseanna iontacha atá cruthaithe ag na hinstitiúidí cultúrtha nach mbaineann go foirmiúil leis an gcóras oideachais. Múnla amháin dob fhéidir leanúint ná “europeana” (www.europeana.eu), táirseach agus suíomh de chuid an Aontais Eorpaigh a bhfuil foras iontaofa faoi. Níl sé foirfe go hiomlán ó thaobh eagair de, agus is deacair teacht ar ábhar ann gan an córas cuardaigh a úsáid, rud nach inmholta d’aon suíomh idirlín. Mar sin féin níl aon cheist faoina mharthanacht ná faoina acmhainn, agus sin bua nach bhfuil ach ag beagán tionscadal in Éirinn go fóill.



[1] Peter Robinson, Digitization of Primary Textual Sources (London, Office for Humanities Communication, 1993).

[2] James A. Dewar, The Information Age and the Printing Press: Looking Backward to See Ahead (Santa Monica, CA: RAND Corporation, 1998), www.rand.org/pubs/papers/P8014/index2.html. (Na suímh idirlín a ndeintear tagairt dóibh sa pháipéar seo agam, ceadaíodh iad go léir Mí Eanair 2013.)

[3] I gcúrsaí Gaeilge ag an dara leibhéal, mar shampla, féach áiseanna ar nós Ceacht.ie, www.ceacht.ie, agus sna sé chontae Northern Irish Curriculum, www.nicurriculum.org.uk/irish_medium/#2.

[4] Bliainiris Staidrimh na hÉireann 2012 (Corcaigh: An Phríomh-Oifig Staidrimh, 2012), http://www.cso.ie/en/media/csoie/releasespublications/documents/statisticalyearbook/2012/yearbookirish2012.pdf.

[5] “Media Lab Europe,” www.medialabeurope.org/about.

[6] “Adjournment Debate,” Tithe an Oireachtas, January 25, 2005, http://debates.oireachtas.ie/dail/2005/01/26/00025.asp.

[7] “Coordination of National Digitisation Policies: Status report for Ireland,” Minerva, 2003, http://www.minervaeurope.org/structure/nrg/statusreports/statusireland.htm.

[8] Ask About Ireland, www.askaboutireland.ie.

[10] “Documents of Ireland,” Documents of Ireland Project, University College Cork, 1999, http://publish.ucc.ie/doi/intro.

[11] Shawn Day and Niall O’Leary, “Goodbye and Thanks,” Digital Humanities Observatory, http://dho.ie.

[12] Féach mar shampla Pádraic Moran, “Irish glossaries and other digital resources for early Irish studies,” Jahrbuch für Computerphilologie 10 (2008), computerphilologie.de/jg08/moran.pdf.

[13] A. O’Carroll and S. Webb, Digital Archiving in Ireland: National Survey of the Humanities and Social Sciences (Maynooth, NUI Maynooth, 2012), DOI: 10.3318/DRI.2012.1; agus A. O’Carroll, S. Collins, D. Gallagher, J. Tang, and S. Webb, Caring for Digital Content, Mapping International Approaches ( Maynooth: NUI Maynooth; Dublin: Trinity College Dublin; Dublin: Royal Irish Academy, 2013), DOI: 10.3318/DRI.2013.1.

[14] “Research in Digital Arts and Humanities,” University College Cork, www.apc.ucc.ie/en/dah/research.

[15] “Landed Estates Database,” www.landedestates.ie.

[16] Diarmuid Breathnach agus Máire Ni Mhurchú, Beathaisnéis I-IX (Baile Átha Cliath, An Clóchomhar 1986-2007).

[17] “The Irish Virtual Research Library and Archive,” UCD Digital Library, http://digital.ucd.ie/view/ivrla:1.

[18] Tuairisc cuimsitheach ar an dtionscnamh seo ag Beatrix Faerber, “The fortunes of CELT,” in Clerics, Kings and Vikings: Essays on Medieval Ireland in Honour of Donnchadh Ó Corráin, ed. E. Purcell, P. MacCotter, J. Nyhan, and J. Sheehan (Baile Átha Cliath: Four Courts Press, 2015) 518–22.

[19] Pádraig Ó Macháin, “Irish Script on Screen: The Growth and Development of a Manuscript Digitisation Project,” in Codicology and Palaeography in the Digital Age 2, ed. Franz Fischer, Christiane Fritze, Georg Vogeler (Norderstedt: Books on Demand, 2010), 3-19.

[20] “Census of Ireland 1901/1911 and Census Fragments and Substitutes, 1821-51,” The National Archives of Ireland, www.census.nationalarchives.ie.

[21] Ordnance Survey Ireland, www.osi.ie/Home.aspx.

[22] Féach mar shampla Todd Presner, “How to Evaluate Digital Scholarship,” Journal of Digital Humanities 1, no. 4 (Fall 2012), http://journalofdigitalhumanities.org/1-4/how-to-evaluate-digital-scholarship-by-todd-presner/